CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar Ezícéal, Fáidh 20:7-9
Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa.
Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;
rug tú bua orm; ba thú ba threise.
Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm,
is ceap magaidh mé ag gach aon duine.
Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orm
a fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”
Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa
agus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.
Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air,
ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”
Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,
í dúnta istigh i mo chnámha.
Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc.
Ní fhéadaim é a fhulaingt.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 62
Freagra Tá iotá tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.
- A Dhia, mo Dhia thú;
iarraim thú go dícheallach.
Tá íota tarta ar m’anam chugat,
santaíonn mo cholainn thú
amhail tálamh atá tirim is spalptha cheal uisce. Freagra - Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir
chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.
Óir is fearr do bhuanghái ná an bheatha.
Fógróidh mo bheola do mholadh. Freagra - Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo;
i d’ainmsé a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá,
is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha. Freagra - Óir tháinig tú i gcabhair orm,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.
Tá m’anam ag cloí leat go dlúth,
coinníonn do dheaslámh suas mé. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 12:1-2
Déinaigí, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo .
A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. 2 Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 16:21-27
Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin
San am sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” Ach d’iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”
Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”
Soiscéal Dé.
AN CHRÉ. Chré Nicea-Constaintínópail
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
AMEN
________________________________________________
Rúndiamhair an chreidimh.
Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag
comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.
The mystery of faith.
We proclaim your Death, O Lord, and profess
your Resurrection until you come again.
Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
29ú & 30ú Lúnasa 2020
Dara Domhnach is Fiche den Bhliain
|
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Willie Doyle, Eochaill
Peggy Uí Ríordáin, Baile Mhic Íre
A fuair bás le déanaí
Máire Uí Chróinín, Béal Átha’n Ghaorthaidh
Conchúr Ó Laoire, Doire’n Chuillinn
John & Mary Weir, Má Réidh
Seán Ó Liatháin, Sliabh Riach
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
DÉ DOMHNAIGH 30Ú LÚNASA
CÚIL-AODHA – 10.00 r.n.
Seirbhís Paidreacha agus Comaoine
BAILE MHÚIRNE – 11.00 r.n.
Aifreann á chraoladh ar RTE Radio & Teilifís
AIFREANNTAÍ NA SEACHTAINE
BAILE MHÚIRNE
Luan go hAoine 9.30 r.n.
Dé Satharn 11.00r.n. & 6.30i.n.
Dé Domhnaigh 11.30 r.n.
CÚIL-AODHA
Dé Máirt 10.30 r.n.
Dé hAoine 7.00 i.n.. Céad Aoine
Dé Domhnaigh 10.00 r.n.
BAILIÚCHÁIN
22ú & 23ú Lúnasa – €1,020 curtha sa bhanc.
MINISTÉIRÍ NA hEOCAIRISTE / EUCHARISTIC MINISTERS
Satharn, 5ú MF Stiana Kelleher
Domhnach, 6ú MF Tessie Hallissey & Joan O’Leary
BAILITHEÓIRIÍ – MEÁN FHÓMHAIR (GRÚPA B)
DOOR COLLECTORS FOR SEPTEMBER (Group B)
Satharn, 6.30 i.n.
– Séamus O Laoire, Dónal O Céilleachair, Briain Mac Suibhne
Domhnach, 11.30 r.n.
– Seán O Conaill, Pádraig O Deasúna, Diarmuid O Loinsigh
CÉAD COMAOINE
Beidh searmanaisi Céad Comaoine
á cheiliúradh ar an dátai seo leanas:
Baile Mhúirne – Satharn 03/10/20
Cúil Aodha – Satharn 10/10/20.
CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL
Tá cabhair ar fáil do dhaoine / teaghlaigh atá i ngátár ag an am seo. Déan teagmháil linn, faoi rún, ar 086/2400574 nó 021/4270444
St Gobnait’s Conference, St Vincent de Paul Society.
The Society invites any family or individual who wishes to
avail of supports the Society may be able to provide to contact them in strictest confidence on 086//2400574 or 021/4270444
LINN SNÁMH CONCHÚBHAR Ó LAOGHAIRE
Tá cinneadh déanta againn an linn a dhúnadh an Domhnach seo, an 30ú. Ba mhaith linn míle buíochas a ghabháil le gach duine gur thug tacaíocht dúinn i rith na hamannta neamhgnách seo. Chomh maith le seo táimíd fíor bhuíoch do gach duine a oibrigh chomh cruaigh chun an áit a ullmhú agus a rith go sábhálta – ós na tarrthalaí iontacha go dtí coiste na linne agus Comhaltas Cosanta, Cúil Aodha a dhein sár obair. Chífimíd sibh go léir arís i 2021 le cúnamh Dé.
The pool will close from Sunday, the 30th. We would like to thank all who have supported us during these unusual times. We would also like to thank everybody who has worked so hard to open and run the pool safely, from our excellent lifeguards to the pool committee and Comhaltas Cosanta Cúil Aodha. We will see you all again in 2021 please God.
PAIDIR GHOBNATAN
Go mbeannui Dia dhuit
a Ghobnait Naofa.
Go mbeannaí Muire dhuit,
is beannaím féin duit.
Is chughat-sa a thánag
ag gearán mo scéil leat.
A d’iarraidh mo leighis
ar son Dé ort.
Tá íomha darach de Naomh Gobnait i Séipéal Bhaile Mhúirne. Tá sí timpeall 27 n-orlach ar aoirde agus folamh laistiar. Bíonn sé ar thaispeáint ar an lá fhéile. Déanann daoine iad féin a choisreacan leis an iomhá; cuimlíonn siad ribín agus paidrín dí. Glaotar Toise Ghobnatan ar na ribíní beannaithe sin. I rith na bliana agus nuair a bhíonn tinneas nó breoiteacht ar dhuine cuirtear an ribín beannaithe leis an dtinneas chun é a chneasú. Cuirtear an ribín thar lear go cáirde agus gaolta. B’é Dia féin a roghnaigh Gobnait a theacht chugainn agus a haingeal coimhdeachta a threoraigh anseo í. Tá a spiorad fós san áit agus deabhóid na ndaoine níos láidre ná riamh. Beimíd faoi chomaoin aici go brách as an tsli a sheas si linn agus a chosain sí sinn agus a thug aire dúinn le míle go leith bliain agus atá fós ag obair ar ár son.
NA MOLTA DIAGA
Moladh le Dia,
Moladh lena ainm Naofa,
Moladh le hÍosa Críost, fíorDhia agus fiorDhuine.
Moladh le hainm Íosa.
Moladh lena Chroí ró-naofa.
Moladh lena Fhuil ró-luachmhar.
Moladh le hÍosa i Naomhshacraimint na hAltóra,
Moladh leis an Spiorad Naomh, An Paraiclít,
Moladh le morMháthair Dé, Muire ró-naofa,
MMoladh lena Gabháil Naofa gan smál.
Moladh lena Deastógail ghlormhar.
Moladh le hainm Mhuire, Maighdean agus Máthair.
Moladh le Naomh Iósaef, a ceile ró-gheanmnaí.
Moladh le Dia ina aingil agus ina naoimh.