Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Séú Domhnach Déag Saor
(23/7/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Kevin Crowley. Baile an Chollaigh
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar na hEagna 12:13. 16-19
Tugann tú maithiúnas i bpeacaí.
Níl aon Dia eile ann seachas thú féin a bhfuil cúram na cruinne air
le go gcaithfeá-sa a chruthú dó nár thug tú breith éagórach uait riamh.
Óir is í do chumhachtsa tobar na córa;
is é an tiarnas atá agat ar an uile ní a thugann ort iad go léir a choigilt.
Taispeánann tú do chumhacht nuair nach dtugtar aitheantas d’iomláine do nirt
agus daorann tú sotal na ndaoine a bhfuil eolas acu air.
Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agat is cneasta an bhreith a thugann tú
agus rialaíonn tú sinn le trócaire.
Óir, cibé uair is toil leat é, is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm.
Mhúin tú do do phobal leis na bearta sin nach foláir don fhíréan bheith cineálta;
agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainne de bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 85
Freagra: Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna.
1. Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna, lán de ghrá do chách a ghlaonn ort.
Éist le m’urnaí, a Thiarna, agus tabhair aird ar ghlór mo ghuí. Freagra
2. Tiocfaidh na ciníocha do d’adhradh, a Thiarna, agus déanfaidh siad d’ainm a fhógairt:
óir is éachtách thú agus is iontach do ghníomhartha, óir is tú amháin is Dia. Freagra
3. A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge,
agus atá lán de ghrá agus d’fhírinne, féach orm, agus bíodh trua agat dom. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:26-27
Déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail.
A bhráithre, tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, Alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:24-43
Fágtar le hais a céile ag fás iad araon go dtí an fómhar
San am sin chuir Íosa parabal eile os a gcomhair:
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d’imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.
Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’”
Chuir sé parabal eile os a gcomhair:
“Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”
D’inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d’fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh:
“Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”
D’fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
D’fhreagair sé iad á rá:
“An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine. Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal, agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t-olc, agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
________________________
SOISCÉAL gearr
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 13:24-30
Fágtar le hais a céile ag fás iad araon go dtí an fómhar
San am sin chuir Íosa parabal eile os a gcomhair:
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d’imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.
Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196