Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Triochadú Domhnach Saor
(29/10/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30
From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Exodus 22:20-26
Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus godtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo
Dúirt an Tiarna le Maois:
Abair é seo le clann Isráel:
Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte. Ná ciap baintreach ná dílleachta. Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus godtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin. Adhnfaidh m’fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.
Má thugann tú iasacht airgid d’aon bhochtán de mo phobal le d’ais,
ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.
Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine; óir sin a bhfuil aige d’éadach,
sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann?
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 17
Freagra Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.
I. Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,
mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Freagra
2. Mo Dhia thú, mo charraig, is mo dhídean;
mo sciath, adharc me shlánaithe, mo dhún.
Glaoim ar an Tiarna dar dleacht moladh
agus déantar mo shaoradh ó mo naimhdé. Freagra
3. Go maire an Tiarna! Is é mo charraig é!
Go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh.
Thug sé caithréimeanna dá Rí
agus nocht sé a ghrá dá Ungthach. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 1:5-10
Chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis
A bhráithre, tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc,
mhaithe libh. Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar an Tiarna, mar d’ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh, sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia. Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi. Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíor Dhia beo agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis – an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Gniom 16: 14
Alleluia, Alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna, Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha 22:34-40
Gráóidh tú do Thiarna Dia agus gráóidh tú do chomharsa mar thú féin
San am sin nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág Íosa focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:
“A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?”
Dúirt sé leis:
“‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus
ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’ –
is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.
Agus is cosúil léise an dara ceann:
‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’
Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”
Soiscéal an Tiarna.Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Bailte Slachtmhara /Tidy Towns
Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.
Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.
Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.
Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196
Céad Comaonie 2024