Nuacht Litir 14/4/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(14/4/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT   

Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal             3:13-15. 17-19
Mharaigh sibh údar na beatha, agus thóg Dia ó mhairbh arís é.

Dúirt Peadar leis an bpobal:
Thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n-aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor. Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d’iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir. Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.
Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna. Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt. Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia

Salm le Freagra      Sm 4
Freagra                     Ardaigh solas go ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.
Malairt Freagra     Alleluia!

I. Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta,
a d’fhuascail mé ó mo phianpháis; éist liom go trócaireach.      Freagra

2. Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga;
éistfigh an Tiarna an uair a ghlaofaidh mé air.                             Freagra

3. Is iomaí duine á rá: ‘Cé nochtfaidh nithe fónta dúinn?’
Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.                      Freagra

4. Rachaidh mé a luí faoi shuaimhneas: déanfaidh mé codladh go sámh;
óir is tusa amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.       Freagra

DARA LÉACHT      

Sliocht as an céad Litir Naomh Eoin     2:1-5
Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní or ár bpeacaine amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.jesus sacrifice1

A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca;
ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Íosa Críost atá cóir.
Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.
Agus is mar seo atá fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.
An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é
agus níl an fhírinne sa duine sin.
Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann;
agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                    Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!
A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn;
cuir ár gcroí ar Iasadh ionainn Ie linn duit bheith ag labhairt linn.

Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                    Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh  Lúcás      24:35-48
Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n éireodh sé ó mhairbh an treas lá.

Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.

jesus and old testLe linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: Síocháin daoibh!” Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad.

Ach dúirt sé leo:
Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.”

Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo:
An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d’íosfaí?
Thug siad blúire d’iasc rósta dó. Ghlac sé é agus d’ith ina láthair é.

Ansin dúirt sé leo:
Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’”
Ansin d’oscail sé a n-aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n éireodh sé ó mhairbh an treas lá, agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Is finnéithe sibhse ar na nithe seo.

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Comhaltas Cosanta Ghaeltacht Chúil Aodha
Ionad Óige
Cruinniú de phobal Chúil Aodha
11rn, Dé Domhnaigh, Aibreán 14

Táimíd ag teacht le chéile Dé Domhnaigh chun plé a dhéanamh ar na h-áiseanna i gCúil Aodha agus ag féachaint cad is féidir linn a fhorbairt as seo amach. Beidh focas ar leith ar na seomraí ranga – ar cheart ionad a thógaint le h-aghaidh cúrsaí Gaeilge nó tithe le h-aghaidh teaghlaigh óga. Beidh fáilte roimh gach éinne.

Cúil Aodha community meeting
Ionad Óige
11am, Sunday, April 14

We’re coming together on Sunday to discuss the facilities and amenities we have in Cúil Aodha and what can be developed in the future. We will have a particular focus on the seomraí ranga/prefabs – should we develop a centre for teaching Irish there, for instance, or do we need to develop housing there for young families? Everyone is welcome.

An Simon Community

Tá ceadúnas ag Cork Simon Community le haghaidh bailiúcháin i gCúil Aodha agus i mBaile Mhúirne ar an deireadh seachtaine seo 13/14 Aibreán. Is maith é bheith fial leis an eagraíocht iontach seo.

The Simon Community are licensed to make a collection this weekend in Cuil Aodha/ Baile Mhuirne 13/14th April. It is good to be generous with this wonderful community.

IONAD LAE, BAILE BHÚIRNE

Scoraíocht

Beidh Scoraíocht ar siúl san Ionad Lae, Baile Bhúirne, Dé Céadaoin, 17ú Aibreán 2024 ag 2.30in.

Fáilte roimh cách.

A Scoraíocht is taking place at Ionad Lae, Baile Bhúirne on Wednesday 17th April 2024 at 2.30pm.

Everyone welcome.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196