Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(21/4/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Céad Comaoine
Comhgháirdeachas leis na leannaí iontacha go léir, ó Baile Bhuirne agus Cill na Martra a ghlac an CéádComaoine an deire seachtaine seo. Guímíd faoi bhrat Ghobnatan agus Lachtain iad uile.
We congratulate the children of the parish in Cill na Martra and Baile Bhuirne who received their First Holy Communion this Saturday
Bliain speisialta ar son Gairmeacha
Is é an an Domhnach 21ú Aibreán deire le bliain speisialta paidirieoireachta ar son gairmeacha. Beidh Adhradh na Croise ar siubhal i mBaile Mhuirne idir 3:00 agus 6:00. Tá fáilte roim cách ann.
As Sunday the 21st of April is the conclusion of the Year of Prayer for Vocations there will be Adoration of the Blessed Sacrament from 3.00 –6.00 pm in Baile Bhuirne
All welcome
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 4:8-12
Níl slálú i neach ar bith eile.
Dúirt Peadar leo agus é lán den Spiorad Naomh:
“A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí, más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é, bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach – an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é – gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte. Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’ níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Mafairt Freagra Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shío r.
Is fearr dul i muinín an Tiarna, ná bheith ag brath ar an duine.
Is fearr dul i muinín an Tiarna, ná bheith ag brath ar fhlatha. Freagra
2. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom agus gur tú mo shlánaitheoir.
An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é. Freagra
3. Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá ag teacht. Beannaimid sibh as teach an Tiarna;
gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom agus gur tú mo shlánaitheoir.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: maireann a ghrá de shíor. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an chéadLitir Naomh Eoin 3:1-2
Feícfimid Día mar atá sé.
A clann ionúin, breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn!
go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn.
Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.
Chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn,
agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid;
ach nuair a fhoilseofar é,
is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan,
mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 14
Alleluia, Alleluia
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha, Eoin 10:11-18 Glóir duit, a Thiarna.
Tugann an t-aoire maith a bheatha ar son a chaorach.
San am sin dúirt Íosa
Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.
An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh,
feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.
[Teitheann sé] de bhrí gur fostúch é, agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.
Ach is mise an sáraoire,
agus aithním mo chuid féin,
agus aithníonn mo chuid féin mé, faoi mar a aithníonn an tAthair mé,
agus mar a aithnímse an tAthair.
Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach. Tá caoirigh eile agam chomh maith,
nach den chró seo iad.
Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór,
agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.
Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfainn chugam arís í.
Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í,
agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.
Sin í an aithne a fuair mé ó m’Athair.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Feachtas bailithe airigid do Scrín Ghobnatan
Is mian le Coiste Scrín Ghobnatan a mbuíochas do chur on iúil don bpobal agus gach uile duine a chabhraiigh leis an tionól Tractors agus Vintage Cars a bhí ar bun 7/4/2024. Do bailíodh €6500 ar fad agus tá sin immithe amnois isteach sa chiste ar mhaithe le cothabháil agus aire do reiligí, tobar agus scrín Ghobatan. Go raibh míle maith agaibh.
“St Gobnait’s Shrine Committee would like to sincerely thank the community and all who supported the recent Tractor/Vintage Car Run on Sun April 7th. In total, the event raised €6,500. All proceeds will go towards works and maintenance at St Gobnait’s Shrine, Well and Cemeteries.”
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
IONAD LAE, BAILE BHÚIRNE
Scoraíocht
Beidh Scoraíocht ar siúl san Ionad Lae, Baile Bhúirne, Dé Céadaoin, 17ú Aibreán 2024 ag 2.30in.
Fáilte roimh cách.
A Scoraíocht is taking place at Ionad Lae, Baile Bhúirne on Wednesday 17th April 2024 at 2.30pm.
Everyone welcome.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196