Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Séú Domhnach Fichead Saor
(29/9/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Uimreacha 11:25-29
An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad.

Tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair le Maois agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht. ach ní dhearnadar sin arís.
D’fhan beirt fhear sa champa – Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n-ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa.
Rith an fear óg leis an scéala go Maois: “Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!”
Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois:
“A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!”
Ach dúirt Maois leis:
“An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa?
Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 18
Freagra Cuireann proiceapta an Tiarna áthas ar an gcroí.
I. Tá dlí an Tiarna go foirfe, tugann sé fortacht don anam,
tá foráil an Tiarna go daingean, tugann sí teagasc do na haineolaigh. Freagra
2.Tá eagla an Tiarna go híon ag maireachtáil de shíor;
tá breitheanna an Tiarna go fíor, is tá siad uile go cóir. Freagra
3. Múineann siad eolas do do ghiolla; cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
Cé a fheadann a chIonta a chomhaireamh? Glan mé ó pheacaí folaigh. Freagra
4. Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua.
Ansin is ea a bheidh mé gan smál, saor ar thrompheaca. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir Naomh Séamus 5:1-6
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid.
Anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh. Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus d’ith na leamhain bhur gcuid éadaigh.
Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n-aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine.
Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha! Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. Chaith sibh bhur saol ar talamh le só agus le sáile; chuir sibh saill ar bhur gcroí lá an áir.
Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna, déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 9:38-43. 45.47-48 Glóir duit, a Thiarna.
An té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.
San am sin dúirt Eoin le h Íosa:
“A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d’ainmse,
agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.”
Dúirt Íosa:
“Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m’ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm; óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.
“Má thugann duine ar bith cupán d’fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh,
deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil. “
‘Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh san fharraige. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine). Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann, an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196