Nuacht Litir 6/10/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Seachtú Domhnach Fichead Saor

(6/10/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Geineasas       2:18-24
Déanann aon fheoil amháin díobh.

Agus dúirt an Tiarna Dia:
Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”

C
hum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Amale-and-femalech ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.
Dúirt an duine ansin:
Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m’fheoilse í.
Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”

Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 127
Freagra                        Go mbeannaí an Tiarna sinn gach lá dár saol.

1. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin. Beidh tú go sona séanmhar.                                     Freagra

2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige agus iad mórthimpeall do bhoird.                      Freagra

3. Is amhlaidh a bheannófar an fear ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach gach lá de do shaol.
Go bhfeice tú clann do chlainne agus séan ar larúsailéim. Síocháin go raibh ar Isráél!  Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as an  Litir chuig na Eabhraig         2:9-11
one in Jesus Óir is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear.

A bhráithre, is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa – an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d’fhulaing sé – agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d’fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách. Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí. Óir is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu.

Briathar an Tiarna                 Buíochas le Dia


Alleluia Véarsa                  
Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna, déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!

SOISCÉAL     

Go raibh an Tiarna libh.                    Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas          10:2-16      Glóir duit, a Thiarna.
An ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.

San am sin tháinig Fairisínigh chuige agus d’fhiafraigh siad de, ag baint trialach as:
An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?”

D’fhreagair sé agus dúirt leo:
Cad a d’ordaigh Maois daoibh?”
Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.”

Dúirt Íosa leo:
Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh. wedding ringsAch ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann; mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin.

Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.”

Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach, agus dúirt sé leo:
“Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne.
Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.”

Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu.
Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo:
Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.
Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”
Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

Soiscéal an TiarnaMoladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196