Nuacht Litir 20/12/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

AN CEATHRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT – Bliain C

(20/12/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn  Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine: 9.30
Dé Sathairn – 11.00
6.00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

SCEIDEAL NA NOLLAG
CHRISTMAS SCHEDULE
DÉ MAIRT 24Ú OÍCHE NOLLAG
Baile Mhúirne 6.00
Carraig an Ime 6.00
Cluain Droichead 8.00
Réidh na nDoirí 9.00

DÉ CÉADAOIN 25Ú LÁ NOLLAG
Cluain Droichead 9.30
Cúil Aodha 10.00
Cill na Martra 11.30
Baile Mhúirne 11.30

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Con Lyon Na Cillíní Baile Mhuirne

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

John Hoar. Na Cúil Cill na Martra

Cluan Droichead

 


AN CEATRÚ DOMNACH DEN AIDBHINT

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Fáidh Míocí        5:1-4
Is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael.

Seo mar a deir an Tiarna:
Tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá
is asatsa a thiocfaidh chugam
an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,Bethlehem
an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t-am fadó.

Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd,

a bhfuil tinneas clainne uirthi,
ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.

Mairfidh siad go slán sábháilte
mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne. Beidh sé féin ina údar síochána.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Salm le Freagra                   Sm 79
Freagra                                  Cuir ar ais sinn, a Dhia.
Taispeáin dúinn d’aghaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.

1. Éist linn, a aoire Isráél.
Túsa atá i do shuí ar na Ceiribíni, soilsigh amach.
Corraigh do chumhacht, a Thiarna, agus tar chugainn dár sábháil.                                  Freagra
2. Cas ar ais, a Dhia na Slua. Breathnaigh anuas ó neamh agus féach.
Tabhair cuairt ar an bhfíniúin a chuir tú féin.
Caomhnaigh an stoc a phlandaigh do dheaslámh féin.                                                         Freagra

3.Go raibh do lámh ar an bhfear a roghnaigh tú, ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
Ní thréigfimid thú go brách ansin: tabhair dúinn an bheatha agus mórfaimid d’ainm. Freagra         DARA LÉACHT

Sliocht as Litir chuig na hEabhraig            10:5-10
Táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh.

A bhráithre, deir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:
Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas; ach d’ullmhaigh tú corp dom.
N
í raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna hofrálacha
a dhéantaí ar son peacaí.jESUS THE VINE

Dúirt mé ansin:
Féach, táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh,’
faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”

Sa chéad áit dúirt sé:
Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí.

Ansin dúirt sé:
“Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.”

S
a tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d’fhonn an dara ceann a bhunú.
Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an taon uair amháin ar fad.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia   Véarsa                 Lc 1:38
Alleluia, alleluia!

Féach mise banóglach an Tiarna: déantar liom de réir d’fhocail.
Alleluia!

SOISCÉAL        

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh LúcásLúcás 1:39-45            Gir duit, a Thiarna.
Conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?

Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí
cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d’Eilís . Agus tharla, nuair a chuala Eilís beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eilís den Spiorad Naomh, agus gháir sí de ghlór ard agus dúirt:
Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”

Soiscéal an Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196