Nuacht Litir 6/4/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach den gCarghas– Bliain C

(6/4/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00 (Stáisiúin an Earraigh)
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           9:30rn  Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt          9:30
Deardaoin    7:301n.
Dé hAoine    9:30
Cúil Aodha
Dé hAoine    – 10:30
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Íseáia       43:6-21
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam chun tart mo phobail thofa a chosc.

Seo a deir an Tiarna,
a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;
a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois;
luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:

“Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?
Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.

Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin,
óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc.
An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Salm le Freagra                Sm 125
Freagra                                 Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.

1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire, agus ár dteanga le gairdeas.                             Freagra

2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha: ‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach. .                                      Freagra

3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna, ar nós na sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora, bainfidh siad an fómhar le gairdeas.  Freagra

4. Ag iméacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor, agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas, agus a bpunanna á n-iompar acu.  Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Filipigh      3: 8-14
Ar mhaithe le Críost lig mé gach ní ar ceal chun go mbeadh cúid agam ina bhás.

Ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m’fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.

Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhásle hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost. Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam – an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Véarsa                                     Ez 33:11

‘ Ní mian liomsa bás an chiontaigh,’ a deir an Tiarna,
tach go n-iompódh sé óna aimhleas féin agus go mairfeadh sé.’

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.        Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin          8:1-11      Glóir duit, a Thiarna.
An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.

San am sin chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.

Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:
“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais.
D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?”

Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith.
Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.
Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo:
“An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.

Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar antalamh. Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi:
A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”

Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí.
Dúirt Íosa léi:“Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”

Soiscéal an Tiarna.                Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is

ullmhú é an dul suas ar ‘an  sliabh ard’ don dul suas ar   Chalbhaire

Comhgaidreachas

Le pobal Chill na Martra agus gach uile duine a ghlac páirt i gcraoladh Aifreann an Domhnaigh seo caite ar RnaG

Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón

30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.

Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th

June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted

pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.

Trócaire – feachtas 2025

Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil.  Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.

‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.

It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’

The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend

Deireadh seachtaine   09/03/2025

                                       Doras                Srín (coinneal)

Cúil Aodha

Baile Bhúirne

Cill Na Martra

Reidh Na nDoirí

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196