Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Ceathrú Domhnach den Cháisc– Bliain C
(11/5/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:30
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn
Dé Máirt 9:30
Déardaoin 7:30
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 13:14. 43-52
Táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Ar dhul trí Peirge do Phól agus Barnabas tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu. Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.
An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé. Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d’fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól.
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh:
“Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn:
‘ Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin,
ionas go mbeidh tú i d’ábhar slánaithe go himeall an domhain.’”
Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh, agus bhí briathar Dé á fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir.
Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad. Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam. Agus bhí na deisceabail lán d’áthas agus den Spiorad Naomh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 99
Freagra Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
Malairt Freagra Alleluia!
1. Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile. Fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais. Freagra
2. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn;
sinne a phobal agus caoirigh a pháirce. Freagra
3. Á, nach maith é go deimhin an Tiarna, nach marthanach a thrócaire ghrámhar!
Is dílis é ó ghlúin go chéile Freagra
DARA LÉACHT Apacailipsis 7:9. 14-17
Beidh an tUan mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha.
Chonaic mise. Eoin, mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
Dúirt duine liom:
“Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain. Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d’oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint; ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 14
Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
Aithním mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 10:27-30 Glóir duit, a Thiarna.
An bheatha shíoraí agam á tabhairt do mo chaoirigh.
San am sin dúirt Íosa:
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,
agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar.
Is aon mise agus an tAthair.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_______________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha
Baile Bhúirne
Cill Na Martra
Reidh Na nDoirí
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196