Nuacht Litir 18/05/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach den Cháisc– Bliain C

(18/5/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn     11:30
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain            9:30rn
Dé Máirt             9:30
Déardaoin          7:30
Dé hAoine           9:30
Cúil Aodha

Dé Sathairn 12:00  Céad Comaoine
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Gníomhartha na nAspal             14:21-27
D’eachtraigh siad don an Eaglais le chéile a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo.

D’fhill Pól agus Barnabas arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch, ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “Mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”
Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.

Shiúil siad an Phisíde ar fad nó gur tháinig siad go Paimfile; tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go hAtailia agus as sin ar bord loinge go hAintíoch – an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcrích acu.

Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d’eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d’oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Salm le Freagra                   Sm 144
Freagra:                                 Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom is a Rí
Malairt Freagra                 Alleluia!

I. Is ceansa trócaireach é an Tiarna, mall chun feirge agus lan de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní is is trócaireach é dá oibreacha uile.                              Freagra

2. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna, agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta, agus foilseoidh siad do chumhacht
chun do chumhacht a nochtadh don chine daonna agus glóir do ríochta maorga.        Freagra

3. Ríocht shíoraí do ríochtsa, is maireann do cheannas ó ghlúin go glúin.                      Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as an Leabhar  Apacailipsis           21:1-5
Glanfaidh Dé gach deoir óna súile

Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta. Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile. chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá:
Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru. Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir:“Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.”

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                  Eo 13:34

Alleluia, Alleluia!
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh
grá dá chéile, faoi mar a thug mise grá daoibhse.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin      13:31-35        Glóir duit, a Thiarna.
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile.

Nuair a d’imigh Iúdás amach, dúirt Íosa:

“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois, agus tá glóir faighte ag Dia ann.
Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin, agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.

A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.
Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,
deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’

Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile;
faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.
As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.”

Soiscéal an Tiarna.                 Moladh duit, a Chriost

_______________

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

 

Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón

30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.

Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th

June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted

pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.

                                       Doras                Srín (coinneal)

Cúil Aodha

Baile Bhúirne

Cill Na Martra

Reidh Na nDoirí

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196