Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Sollúntás Nn. Peader agus Pól , Aspail. (Blian C)
(29/6/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11:30
Dé Luain 9:30rn
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
Nn. Peader agus Pól , Aspail. Sollúntas
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 12:1-11
Tá a fhios agam anois go fíor gur gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé.
Sna laetanta sin d’imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise. Chuir sé Séamas deartháir Eoin chun báis leis an gclaíomh. Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslimaráin a bhí ann, agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d’fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca. Fad a bhí Peadar á choimeád sa phríosún, áfach, bhí urnaí á déanamh gan staonadh chun Dé ar a shon ag an Eaglais.
An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin. Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá:
“Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.
“Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh.
Cuir umat do bhrat,” arsa an t-aingeal arís leis, “agus lean mise.”
Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige. Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn a sheolann chun na cathrach. D’oscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, d’imigh an t-aingeal as a radharc.
Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé:
“Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 33:2-9
Freagra Fuasclaíonn aingeal an Tiarna lucht a eaglaithe.
1. Beannoidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mholadh ar mo béal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is d’eanaidís lúcháir. Freagra
2. Móraigí an Tiarna mar aon liom, agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna is d’fhreagair sé mé, agus shaor mé ar gach uile eagla. Freagra
3. Feachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é, agus shaor sé é óna anacraí go léir. Freagra
4. Cuireann aingeal an Tiarna campa thart timpeall lucht a eaglaithe, is fuasclaíonn iad.
Blaisig’i agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna. Is aoibhinn don fhear a thriallann chuige. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas 4:6-8 17-18
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta.
A bhráithre ionúin, I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 21: 17
Alleluia, alleluia!
A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 16:13-19 Glóir duit, a Thiarna
Is tú Peadar, agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas.
Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d’fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal:
“Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”
Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?”
Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”
D’fhreagair Íosa agus dúirt sé leis:
“Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_______________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196