Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Sollúntás Nn. Peader agus Pól , Aspail. (Blian C)
(6/7/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Am-chlár éagsúil do mhí Iúil / different time shedule fro the month of July
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
Dé Domhnaigh 10:30
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 11:00
Cúil Aodha
Níl Aifreann
Réidh na nDoirí
Níl Aifreann
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 12:00rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.00
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh. 66:10-14
Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann.
Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi!
Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
Ionas go dtálfar bhur sáith oraibh ó chíocha na sólás,
ionas go mblaisfidh sibh go fonnmharde dhiúl a glóire.
Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim
ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann,
agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha
saibhreas na gciníocha.
Beidh a leanaí cíche á n-iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.
Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis,
mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse.
(In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)
Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le freagra. Sm 65
Freagra Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.
1. Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile, canaigí clú a ainm.
Tugaigí moladh mórghlórach dó. Abraigí le Dia: ‘Nach éachtach iad d’oibreacha!’ Freagra
2. Adhrann an talamh uile thú, canann sí duit, canann sí do d’ainm.
Tagaigí agus feachaigí oibreacha Dé, na héachtaí a rinne sé i measc na ndaoine. Freagra
3. Chlaochlaigh sé an mhuir ina talamh thirim; chuathas de chois thar an abhainn.
Da bhrí sin déanaimis lúcháir. Rialaíonn sé lena chumhacht go síoraí. Freagra
4.Sibhse uile ar a bhfuil eagla Dé, tagaigí, éistigí, is inseoidh mé daoibh faoina ndearna sé dom.
Go moltar Dia nár thug an diúltú do mo ghuí, is nár tharraing siar a bhuanghrá uaim. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Galataigh 6:14-18
Tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.
A bhráithre, nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom. Is cuma timpeallghearradh, nó ga timpeallghearradh, ach cruthú as an nua. Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.
Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 15
Alleluia, alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 10:1-12. 17-20 Glóir duit, a Thiarna.
Fanfaidh bhur síocháin aige.
San am sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
Dúirt sé leo:
“Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d’aon duine ar an mbóthar.
Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach.
Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’
Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí:
‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é;
ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’
Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodom an lá úd ná ag an gcathair sin.
Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá:
“A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.”
Dúirt sé leo:
“Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc. Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_______________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196