Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Cuigiú Domhnach Déag Saor (Blian C)
(13/7/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Am-chlár éagsúil do mhí Iúil / different time shedule fro the month of July
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
Dé Domhnaigh 10:30
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Níl Aifreann
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30
Cill na Martra
Dé Domhnaigh – 12:00rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Céadaoin 9.00
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.00
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Cití Bn Uí Chríodáin Cúil Iarthar, Baile Mhic Íre
Siobhán Iníon Uí Siadhail Gort na Tiobrad agus Corcaigh
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as LeabharDeotranaimí 30:10-14
Tá an briathar an-ghar duit le comhlíonadh.
Dúirt Maois lesi an bpobal:
má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán.
‘Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air. Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá:
‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”
Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá:
‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”
Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 68
Freagra Cuardaigh an Tiarna, a dhaoine ísle, agus athbheofar bhur gcroí
1. Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna, an uair is mian leat féin.
Éist liom de réir do bhuanghrá agus do chúnaimh chinnte.
Freagair mé as ucht do dhilghrá, a Thiarna; iompaigh chugam de réir do thrócaire. Freagra
2. Maidir liomsa, nuair is daibhir dobrónach mé, tógadh do chúnamh mé, a Dhia.
Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán; déanfaidh mé é a mhóradh le haltú buíochais. Freagra
3. Beidh áthas ar na hísle nuair a fheicfidh siad é; athbheofar croíthe lucht cuardaithe an Tiarna.
Éisteann an Tiarna leis na daoine bochta, is ní thugann droim láimhe da bhraighdeanaigh. Freagra
4. Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradhagus atógfaidh sé cathracha Iúda.
Beidh siad ina n-oidhreacht ag sliocht a sheir bhíseach, ag an muintir a thugann grá dá ainm. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 1:15-20
Is trí an Chríost a cruthaíodh an t-iomlán.
Is íomhá den Dia dofheicthe an Chríost agus céadghin gach dúile cruthaithe mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh
bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise.
Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
Comhgháir an tSoiscéil Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad. Is agatsa atá briathra na beatha síora.í
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 10:25-37 Glóir duit, a Thiarna.
Agus cé hé mo chomharsa?
San am sin d’éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh:
“A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?”
D’fhreagair sé agus dúirt:
“‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’”
Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.”
Ach ó b’áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”
Thug Íosa freagra air á rá:
“Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.
Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é, agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’
Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”
Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.”
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_______________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196