Nuacht Litir 20/07/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Séú Domhnach Déag Saor  (Blian C)

(20/7/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Am-chlár  éagsúil do mhí Iúil / different time shedule fro the month of July

Baile Mhúirne
Dé Sathairn     11:00
Dé Máirt             9:30
Dé hAoine           9:30
Cúil Aodha
De Domhnaigh 10:30
Réidh na nDoirí
Níl Aifreann
Cill na Martra
Dé Máirt     10:30
Dé hAoine    7:00
Dé Domhnaigh – 12:00rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9:30
Dé Céadaoin 9.00
Déardaoin 9.30
Dé Domhnaigh 9.00
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Geineasas        18:1-10
A thiarna, más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta.

TrinityThaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha I mbrothall an lae. D’fhéach sé suas agus b’shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
A Thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil. Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann. Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.”

Déan mar a deir tú,” ar siad.

Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá.
“Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.”
Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d’ullmhaigh seisean é faoi dheifir. Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
Agus chuireadar ceist air: Cá bhfuil do bhean Sárá?
“Tá sí sa bhoth,” ar sé.
Fillfidh mé ort,” arsa an t-aoi, “sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.”

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 14
Freagra                             A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phuball?

1. Cé a lonnóidh ar do Shliabh Naofa, a Thiarna? An té a shiúlann gan cháim;
an té a dhéanann fíréantacht, a labhraíonn go díreach óna chroí
agus nach ndéanann tromaíocht lena theanga.                                                                       Freagra

2. An té nach ndéanann ole dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;
an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige aos eagla an Tiarna.                         Freagra

3. An té nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht is nach nglacann le breab in aghaidh an neamh chiontaigh.
An té sin a dhéanfaidh amhlaidh, ní bhainfear dá threoir e go brách.                               Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh      1:24-28
Rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta atá nochta anois dá phobal naofa.

 A bhráithre, is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais. Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine: an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.
Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh. Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d’fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa         Gniom 16: 14
Alleluia, alleluia!

Oscail ár gcroí,A Thiarna,  Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!

SOISCÉAL       

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh             10:38-42
Chuir Marta fáilte roimh Íosa chun a tí.  Is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire

Jesus & MarthaSan am sin tháinig Íosa isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt:
A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m’aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”

Dúirt an Tiarna léi á freagairt:
A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin.
Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost

 

_______________

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment