Nuacht Litir 5/4/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Domhnach Cásca

(5/4/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Luain          9:30rn
Dé Máirt            9:30rn
Deardaoin        Adhradh na Croise 5:00 – 11:00
Dé hAoine        12:00r.n  Turas na Croise
Dé Sathairn    9:00      Bigil na Cásca
Dé Domhnaigh     9.30rn  Aiseirí an Tiarna
Cúil Aodha
Dé hAoine   – 3:00       Searmanas na Páise  (RnaG)
Dé Domhnaigh –   11:00rn    Aiseirí an Tiarna   (RnaG)
Réidh na nDoirí
Dé hAoine    –    11:00       Turas na Croise
Dé Domhnaigh    8:30in  Aiseirí an Tiarna
Cill na Martra
Dé Mairt     10:30
Deardaoin         7:30 – 10:00  Adhradh na Croise
Dé hAoine         5.00in           Turas na Croise
Dé Domhnaigh – 11:30rn     Aiseirí an Tiarna
Cluan Droichead/Clondrohid
Déardaoin / Thursday     7.30 – 10:00   Adoration
Dé hAoine/Friday            7.30                 Way of the Cross
Dé Sathairn / Saturday  9:00        Bigil na Cásca/ Easter Vigil
Dé Domhnaigh             9.30        Aiseirí an Tiarna/Resurrection of the Loed
Carraig an Ime
Dé hAoine / Friday             3:00    Celebration of the Passion
Dé Sathairn/ Saturday       6:30in      Bigil na Cásca/ Easter Vigil

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 

-Domhnach Cásca-
AISEIRI AR dTIARNA

CÉAD LÉACHT      

Sliocht as Gníomhartha na nAspal         10:34. 37-4
D’itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aisáirí ó mhairbh.

Ansin thosaigh Peadar ag labhairt le Cornelius :
“Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.   Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 117
Freagra                           Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra         Alleluia, Alleluia, Alleluia!

I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’               Freagra

2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaigh mé.
Ní éagfaidh me-mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí.   Freagra

3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é.                   Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Colosaigh           3:1-4
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.

A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

________________________________
Malairt 
Léachta Dara

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh                 5:6-8
Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua.

A bhráithre, glanaigi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua faoi mar atá sibh gan ghabhàil. Oir tâ Críost, ár gCâisc, ofráilte mar íobairt. Dâ bhri sin, caithimis an fhêile, ní leis an tseanghabháil ná le gabhâil na mailise agus na hurchóide, ach le harán neamhghabhálach na dílseachta agus na fírinne.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia
___________________________________________-

Roscempty tomb

Moladh na Críostaithean tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal na caoirigh a shíorshlánaigh.

Críost is é gan pheaca chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.

Bhí comhrac rathmhar idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh: sin é ina Rí ina bheatha.

A Mháire, d’úinne cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhiis glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,bréid is culaith.

D‘aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha, éirithe 0 na mairbh.

A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia

Alleluia Véarsa
Alleluia, Alleluia!
Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9        Glóir duit, a Thiarna.
Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”

Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. peter at tomb siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.

Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment