Nuacht Litir 10/5/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Séú Domhnach den Cháisc

(10/5/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          11:00rn
Dé Máirt         9:30
Dé hAoine        11:00r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 5:00in
Cill na Martra
Dé Máirt      10:30
Dé hAoine    7:00 i.n.
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Eileen Ní CHárthaigh, Réidh na bPobal Cúil Aodha

Nora Cronnin, Baile Mhic Íre

Nóra Bean Uí Loinsigh  Doire na Sagart

Katy Uí Loinsigh. Na Cillíní  Baile Mhic Íre

An Archdeacon William Christopher Twohig.  An Muileann

Nellie O Ceallacháin,  Cúil a’ Bhuacaigh

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Judy O Sulivan, Connie agus Nóra Cullinane Baile Uí Bhuaigh Cill na Martra

Cluan Droichead

 

An Séú Domnach den Cháisc

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Gníomhartha na nAspal             8:5-8. 14-17
Leag siad a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh

praying for spiritChuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh. Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin.

Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. Ar theacht dóibhsean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 65: 1-7. 16. 20. R/v 1
Freagra                            Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.
Malairt Freagra            Alleluia

1. Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile canaigí clú a ainm.
Tugaigí moladh mórghlórach dó. Abraigí le Dia: ‘Nach éachtach iad d’oibreacha.’         Freagra

2. Adhrann an talamh uile thú, canann sí duit, canann sí do d’ainm.
Tagaigí agus féachaigí oibreacha Dé, na héachtaí a rinne sé i measc na ndaoine.            Freagra

3. Chlaochlaigh sé an mhuir ina talamh thirim; chuathas de chois thar an abhainn.
Dá bhrí sin déanaimis lúcháir! Rialaíonn sé lena chumhacht go síoraí.                             Freagra

4. Sibhse uile ar a bhfuil eagla Dé, tagaigí, éistigí, is inseoidh mé daoibh faoina ndearna sé dom.
Go mba bheannaithe é Dianár thug an diúltú do mo ghuí,
is nár tharraing siar a bhuanghrá uaim.                                                                                    Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Peadar        3:15-18
Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.

A clann ionúin, bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?

Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa               Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!

Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin          14:15-21            Glóir duit, a Thiarna.
Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.
Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile Jesus brings fire
chun fanacht faraibh go deo – Spiorad na Fírinne,
nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh. Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.

Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith. An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.
An té a bhfuil m’aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom.
An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m’Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

Soiscéal an Tiarna.              Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment