Nuacht Litir 31/5/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Solúntas na Trionóide Ró Naofa

(31/5/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Fógra tabhachtach ag bun an leathanaigh seo/imporant announcement at bottom of page.

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00

6:00
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain          9:30rn    Adhradh na Croise   10:00 – 5:00 in.
Dé Máirt         9:30   (sagart ar cuairt)
Dé hAoine       Níl Aifreann
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
5:00  in
Cill na Martra
Dé Máirt      10:30
Dé hAoine    7:00 i.n.
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Nóra Bn Uí Fhlanagáin  Baile Mhuirne

Donal Lehane Na Cillíní Baile Mhic Íre

Seán Ó Cróinín  Na Cillíní Baile Mhic Íre

Eibhlín Bn Uí Chárthaigh Réidh na bPobal, Cuil Aodha

Danny & Nóra O Sullivan Gort na Tiobrad

Willie Murphy, Árdán Ghobnatan

Christy Kelleher Daingean na Saileach, Baile Mhic Íre

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

Dónal Vaughan, Réidh na nDóirí

Frank O Laoire  Cnoc Rua

John Lyons Cathair Céirín

Cluan Droichead

 

Soluntas na Trionóide RóNaofa

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as an Leabhar  Exodus              34:4-6. 8-9
A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire.

Mose and God1Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d’ordaigh an Tiarna dó. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.

Glaoigh sé ar ainm an Tiarna. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d’fhógair sé:
A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht; Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm Le Freagra.        Dan 3
Freagra                          Le moladh agus le glóiriú de shíor.

1. Is beannaithe thú, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha,   Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

Is beannaithe é do naomhainm uasal,                             Freagra:  le moladh agus le glóiriú de shíor.

2. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,     Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
    Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis,       Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

3. Is beannaithe thú ag iniúchadh na ndubhaigéan,   Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

4. Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe                   Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

DARA LÉACHT

Sliocht as dara litir Naomh Pól chuig na gCoirintigh     13:11-13
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.

A bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú.
Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.
Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh.
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia


SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin  3:16-18            Glóir duit, a Thiarna.
Chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí an saol tríd.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:trinity1
Ó
ir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh
i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.
An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

 Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment