Nuacht Litir 14/6/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An tAonú Domhnach Deag Saor

(14/1/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Tá oifig an Paróíste dúnnta agus ag ath-oscailt 22/6/2026.     (Parish office closed at present and reopining on 22/6/2026)

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    6:00

Dé Domhnaigh Nil Aifreann

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 11:00rn

Réidh na nDoirí
5:00  in
Cill na Martra
Dé Máirt      10:30
Dé hAoine    7:00 i.n.
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Jim and May Lyons Cuil Iarthar

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead

 

An tAonú Domhnach Deag Saor

CHÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Exodus    19:2-6
Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’

Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe. Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá:
Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:
‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

 

 

 

SALM LE FREAGRA.                Sm 99: 2-3. 5. R/v 3
Freagra                                           Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.

1. Fónaigí don Tiarna go lúcháireach. tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.           Freagra

2. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn;
sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.                                              Freagra 

3. Á, nach maith égo deimhin an Tiarna, nach marthanach a thrócaire ghrámhar!
Is dílis é ó ghlúin go chéile.                            Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na  Rómhánaigh      5:6-11
Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic

A bhráithre, nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás I dtráth ar son drochdhaoine.  Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé? Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t-athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha? Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                     Eo 10: 27 

Alleluia, Alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,  9:36-10:8                Glóir duit, a Thiarna.

San am sin nuair a chonaic Íosa na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”

Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas.
Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrías a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.

Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas:
Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht. Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh inaisce”

 

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment