Nuacht Litir 21/6/2026

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Deag Saor

(21/1/2026)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn

Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN
Tá oifig an Paróíste dúnnta agus ag ath-oscailt 22/6/2026.     (Parish office closed at present and reopining on 22/6/2026)

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    6:00

Dé Domhnaigh 11;30

Dé Luain  ⚜️ Adhradh Dé Luain 10-5

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn ‘An Pobal ag Guí’

Réidh na nDoirí
5:00  in
Cill na Martra
Dé Máirt      10:30
Dé hAoine    7:00 i.n.
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn   6:00in


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

Ciarán Ó Lionáird  Tír Gé, Inse Geimhleach agus Los Angeles

A fuair bás an tráth seo bhliana

Jim and May Lyons Cuil Iarthar

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead

 

An Dara Domhnach Deag Saor

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar  Irimia, fáidh        20:10-13
Óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.

Dúirt Irimia, Cluinim mórán do mo tharcaisniú:

Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!”
Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt:
“Meallfar é b’fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m’ionsaithe;
ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile.
Ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.

Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne,
a ransaíonn na háranna agus an croí, feicim do dhíoltas orthu mar is duitse a d’fhoilsigh mé mo chúis.
Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna, óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm  68; 4-5. 29-34. R/v 29
Freagra                               Éist liom de réir do bhuanghrá, a Thiarna.

1. Ar do shonsa a d’fhulaing mé aithisí, a bhí luisne na náire ar mo ghnúis.
Is strainséir mé do mo bhráithre féin, agus is comhthíoch mé do chlann mo mháthar.
Táim ar lasadh le dúthracht do do theach; is ormsa a thiteann aithisí lucht do cháinte.       Freagra

2. Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna, an uair is mian leat féin.
Éist liom de réir do bhuanghrá agus do chúnaimh chinnte.
Freagair mé as ucht do dhilghrá, a Thiarna; iompaigh chugam de réir do thrócaire.             Freagra

3. Beidh áthas ar na hísle nuair a fheicfidh siad é; athbheofar croíthe lucht cuardaithe an Tiarna.
Éisteann an Tiarna leis na daoine bochta, is ní thugann droim láimhe dá bhraighdeanaigh.
Go mola na spéartha is an talamh é, an mhuir agus a maireann inti.
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,
An uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibhgo ndéanfaí clann Dé díobh.                        Freagra 

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:12-15
Ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é.

A bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh.

Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                Eo 1: 14: 12
Alleluia, alleluia!

Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,
An uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibhgo ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       10:26-33              Glóir duit, a Thiarna
Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp.

San am sin dúirt Íosa:

Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.

Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!

“Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m’Athar atá ar neamh. Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair m’Athar atá ar neamh.

Soiscéal an Tiarna.                   Moladh duit, a Chriost

 

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment