Nuacht Litir 24/25-7-2021

 Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 25ú Iúil 2021

An Seachtú Domhnach Déag

Uimhir guthán don paróiste 087 354 6364 (Parish Phone Number)


Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line     https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online  https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website  http://cloynediocese.ie/

Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

BAISTÍ :   Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.

BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.

PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.

MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Máire Ni Ríordain Doirín Áluinn
Eileen McCarthy (Ní Luasa, Ínse Mhór) agus Port Láirge
Mary Monaghan Coombs (nee O’ Mara) Londain.
Dónal (Danny) Ó Cuill, Barr d’Ínse
Donnachadha agus Máire Uí Loinsigh, An Tóchar, Cúil Aodha.
Mary Jo O Ríordáin, Ráth Úna

   A fuair bas ag an taca seo den bhliain

AIFREANNTAÍ

  • Baile Mhúirne

            Satharn                          6.30 i.n.

            Domhnach                   11.30 r.n.

  • Cúil-Aodha

            Domhnach                   10.00 r.n.

_______________________________________________

 

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as an dara Leabhar na Rithe    4:42-44
Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.

Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thElisha & Breadug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá. D’fhreagair a sheirbhíseach: “Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?” “Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna: ‘Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’” Roinn sé orthu é. D’ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.

Briathar Dé.

 

 

 

Salm le Freagra                    Sm144
Freagra                                     Osclaíonn tú do lámh a Thiarna agus sásaíonn tú sinn.

1. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta,
agus foilseoidh siad do chumhacht.                Freagra

2. Bíonn súile cách ag feitheamh ort,
agus tugann tú bia dóibh in am tráth.
Osclaíonn tú do lámh
is sásaíonn tú a bhfuil beo le do chinéaltas    Freagra

3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na  hEifísigh    4:1-6
Aon chorp amháin, aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.Faces_of_Christ

A bhráithre, táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh agus sibh a bheith lán d’uirísle, de láchas agus d’fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                    Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL                     

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas     6:1-15
Roinn Íosa oiread agus ab áil leo ar na daoine agus iad ina suí.

San am sin d’imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.

Jesus feeding the 5000Nuair a d’ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?” Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. D’fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d’arán chun go mbeadh greim an duine acu.” Dúirt duine dá dheisceabail leis – ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: “Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?” Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” – bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. Agus thóg Íosa na builíní, d’altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b’áil leo de na héisc. Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.” Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d’fhág na daoine a fuair an béile. Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.” Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.

Soiscéal Dé

 

Leave a Comment