Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Dé Domhnaigh 3ú Deire Fomhair 2021
An Seachtú Domhnach Fichead Saor
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Fógraí don Nuacht Litir/Entries for the Newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Fáiltimíd roimis ár Sagart Paróiste Nua
An tAthair Seán Mac Cárthaigh
Fógraí
Tá roinnt socraithe sealadacha dá chur i bhfeidhm ag an Athair Seán don céad cúpla seachtain eile agus é ag athrú go Tig an tSagairt Cúnnta
Fr Seán has made some temporary arrangements for the next few weeks as he moves into the curates house and settles in:
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann Domhnaigh Cuil Aodha 3/10/2021 ar a 11:00 (RnaG 7rl)
Ni bheidh aon Aifreann sa pharóiste Dé Ceadaoin There will be no masses in the Parish on Wednesdays
An Céad Comaoine 2021
Cuil Aodha /Barr d’Ínse 2/10/2021 @11:00
Comhneartú (Confirmation)
Scoil Abán Naofa Dé Sathairn 9/10/2021 @ 1:00in
Scoil Cuil Aodha/Barr dÍnse 16/10/2021 @11:00rn
A cháirde sa Pharóiste
I láthair na huaire táim ag cur eagar ar Rolla na mBaistí sa pharóiste. Táim taréis bheith i dteangbháil le roinnt clanna sa pharóiste cheana, le cúpla lá.
Ach tá cúpla bearna beag fágtha agam fós sa chúntas ó 2019 i leith. Má baisteadh páiste no garpháiste sa chlann agat ó 2019 i leith, bheinn buíoch duit dá líonfá amach an fuirm ag cúl an tséipéil chomh luath agus is féidir leat. Cur isteach sa saristy nó isteach chun an tí agam féin é (Tig an tSagairt cúnnta faoi láthair), más é do thoil é. Ni gá d’aon clann go rabhas i dteangabháil Leo chean féin é seo a dhéanamh.
An tAthair Seán MacCárthaigh S.P.
I am at present updating the baptismal records in the parish. I have already been in contact with some families in the parish in the past few days.
There are some small gaps in the register regarding baptisms that took place in the Parish since 2019. If you had a child or grandchild in your family baptized since 2019, I would be grateful if you could fill-in the form at the back of the church and return it to me as soon as possible. (This does not apply to families already contacted.)
Please return the completed form to the sacristy or to my house.
Thank you
An t-Athair Seán
An Comaoine Céad Aoine / First Friday visits
Táimíd ag tógaint ainmneacha anois chun liosta nua an Céad Aoine a chur le chéile oifig@paroistebailemhuirne.ie
We are assembling a new First Fridays list. Send names for same to oifig@paroistebailemhuirne.ie
Na Stáisiúin / Stations
Beidh Stáisiúin an Fhomhair sna séipéil an turas seo. Tá liosta nua dá chur le chéile des na ceantracha stáisiúin don earrach agus beidh fáilte faoi leith roim aon tig ar mhaith leo dul ar an liosta ina gceantar féin. Is féidir é sin a dhéanamh ar an email oifig@paroistebailemhuirne.ie nó nóta beag in éardramh aon séipéal nó Tig an tSagairt. Ach don Fomhar seo leannas na dátaí:
The Autumn Stations shall be held in the churches for now. We are re-assembling the Stations List and hope to have it functioning for the Spring Stations. Anyone who would like to go on these lists would be very very welcome. You can do this by sending a note to either church sacristy, the Parochial House or by email at oifig@paroistebailemhuirne.ie In the meantime this autumns Stations will be held as below:
Cúil Aodha – ceantracha uilig / all areas
Dé Sathairn 23/10/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 30/10/2021 @11:00
Baile Mhuirne – ceantracha uile/ all areas
Dé Sathairn 6/11/2021 @ 11:00
Dé Sathairin 13/11/2021 @11:00
Adhradh na Naomh Sacraimente / Adoration of the Blessed Sacrement
Baile Mhuirne
Gach Luan taréis Aifreann 9:30 ó 10:00 go 17:00
Every Monday after 9:30 mass from 10:00 to 17:00
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Manus Ó Ríordáin, Baile Átha Cliath
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Seán Ó Riada. An Murnach Beag, Cuil Aodha
Johnny Lynch , Baile Mhic Íre Thoir
Micheal Ó Luasa, Ínse Mhór
Séan Ó Ríordáin, Doirín Aluinn, Baile Mhuirne
Jerry (Diarmáin) Ó Duinnín, Cúil Aodha
Denis Dinneen, An tSráid.
Máig Uí Loinsigh, Na hUlláin
Denis Ó Laoghaire, Na Cipeacha
Helen de Róiste, Gort na Tiobratan
Batt de Róiste, Sliabh Riach
Tadhg Mac Suibhne, Claon Rath, Cill na Martra
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Geineasas 2:18-24
Déanann aon fheoil amháin díobh.
Agus dúirt an Tiarna Dia:
“Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. A
ch ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.
Dúirt an duine ansin:
“Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,
Agus is feoil de m’fheoilse í.
Tabharfar bean (ís-seá) uirthi
Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”
Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 127
Freagra Go mbeannaí an Tiarna sinn gach lá dár saol.
1. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tú go sona séanmhar. Freagra
2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird. Freagra
3. Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
gach lá de do shaol.
Go bhfeice tú clann do chlainne
agus séan ar larúsailéim.
Síocháin go raibh ar Isráél! Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an Litir chuig na Eabhraig 2:9-11
Óir is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear.
A bhráithre, is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa – an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d’fhulaing sé – agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d’fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách. Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí. Óir is d’aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,
déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 10:2-16 Glóir duit, a Thiarna.
An ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.
San am sin tháinig Fairisínigh chuige agus d’fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?”
D’fhreagair sé agus dúirt leo: “Cad a d’ordaigh Maois daoibh?”
Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.”
Dúirt Íosa leo:
“Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh.
Ach ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann; mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.” Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach, agus dúirt sé leo: “Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.”
Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo:
“Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”
Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí áitiúil sa Pharóiste
Fógra ón Dochtuir Neville
Tá instealladh in aghaidh an Flu ar fáil anois. Is féidir glaoch ar an Ionad Sláinte chun é chur in áirithe.
The Flu Vaccine is now available and can be booked by ringing the Health Center.
Ceol na Talún
Beidh an sraith telefise Ceol an Talún dá chraoladh arís ar TG4 gach Deardaoin (8:00) agus Máirt (7:30) ag tosnú 30/9/2021. Deanadh é thaifead i rith na bliana 1995/96 agus Muintir na hÁite ar fad atá ann.
The tv series Ceol na Talún will be re broadcast on TG4 8:00 every Thursday with repeats on Tuesdays (7:30) starting 30/9/2021. This was filmed during the year 1995/96 and features many in our comunity.
Blaigeárdaíocht/A current Scam
Tá uimhir 086, / 087 etc … ag glaoch ar daoine go bréagach dá rá gur ón Roinn Leasa Shoisialigh é. Scam is ea. Ná freagar mura bhfuil aithe agat ar.
There are scam phone calls coming to peoples mobile phones from an O86/087 etc numbers. It sometimes claims to be from Social Welfare etc. It is a scam. If you dont recognise the number – better not to answer.
Post Lán aimsireach/ A Full time job
Tá post lán aimsireach i mBaile Mhic Íre le fáil ó Bácús na hÉireann.
Obair tráthnóna ag bácáil atá i gceist.
Labhair le Lynch’s Bakery / Arán na hÉireann faoi ag.
A full time vacancy baking in Arán na hÉireann in the Bakery in Baile Mhic Íre needs to be filled.
It is an afternoon job. If interested go to the link below on their facebook website to apply.