Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(19/6/2022)
Sollúntás Chorp Chríost
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé Máirt & Aoine 10:30
Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach céad Domhnach den Mhí
The 2nd collection on First Sundays of each month is for Diocesan Purposes
Beidh cúntas airigidis an Paróiste ar fáil san EArdhamh taréís aifrinn deire seachtaine seo.
The parish accounts will be made available in the Sacristy this weekend.
Is mian leis an Athair Seán buíochas do ghabháil le cách atá ag cabhrú leis na Coistí Liotúrga, Airigidis, Aire Páistí agus Nuacht Litir.
Fr Seán would like to thank all who are helping with the various committees – Liturgy, Finance, Child Safeguarding and Newsletter.
Ní neart go cur le chéile.
Ná dearúd bhúr clúdaigh litreach agus boscaí Trócaire do thabhairt tharnais. Go raibh maith agaibh
Please don’t forget to bring back your envelopes and Trócaire boxes.
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Con O Donoghue, Baile Mhic Íre Thoir
Patsy Lyons Bóthar Abán
Timmy Ó Céileachair Gort an Imill
Noel Browne. Cluan Meala agus MagCromtha
An tAthair John O Brien Gort Rua agus Savannah
Dan agus Margaret O Brien Gort Rua
Ellen Scannell, Oifig an Phoist Baile Mhuirne
Ned Horgan Sliabh Riach
Peter Kelleher, Na Ceapacha
Mary O’ Mahony. Cill Chrócháin, Beantraí.
Sollúntás Chorp Chríost
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Geineasas 14:18-20
Thug sé arán agus fíon amach.
Thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le
ró-ard é. Chuir sé a bheannacht air á rá:
“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún.
Moladh le Dia ró-ard mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”
Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 109
Freagra Is sagart thú go brách de réir ord Melcisedec.
I. Dúirt an Tiarna le mo Mháistir:
‘Bí i do shuí ar mo dheis
go gcuire me do naimhde faoi do chosa.’ Freagra
2. Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta
as Síón amach:
bí ag rialú i measc do naimhde. Freagra
3. Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe
ar na sléibhte naofa:
amhail drúcht roimh réalta na maidine ghin mé thú. Freagra
4. Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:
is sagart thú go brách
de réir ord Melcisedec. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 11:23-26
Gach uair a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
A bhráithre, is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna 
le tabhairt ar láimh, thóg sé arán agus, ar altú dó, bhris agus dúirt:
“Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”
Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá:
“Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”
A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
Briathar an Tiarna Buíochas le
Alleluia Vearsa Eo 6:51-52
Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh a deir an Tiarna.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 9:11-17 Glóir duit, a Thiarna.
D’ith siad uile agus bhí siad sách.
San am sin chuir Íosa fáilte roimh na sluaite agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta. Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis:
“Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”
Ach dúirt sé leo:
“Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.”
Dúirt siad:
“Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” – óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann.
Dúirt sé lena dheisceabail:
“Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”
Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.
D’ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Ullamhú don Posadh!
Tá ACCORD, Deoise Chluana ag earcú oibrithe deonacha chun traenáil a dhéanamh chun cursaí ullmhúcháin pósadh a chur i láthair, mar chuid d’fhoireann.
Buntáistí san áireamh ná: Deis chun bheith ag obair in Eagraíocht Náisiúnta, Forbairt Pearsanta iontach, scileanna éascaitheora agus cur i láthair a fhorbairt, teastas in oideachas pósadh (creidiúnaithe). Má tá suim agat i níos mó eolais, téir i dteagmháil le Jean ag 025-31899
Luan-Aoine 9.30 r.n -1.30 i.n ar nó roimh 23ú Bealtaine 2022.
Tá ALONE ag lorg oibrithe deonacha i do cheantar. Tacaíocht agus Cairdeas isea gaol idir oibrí deonach agus duine níos sine go bhfuil nasc acu le ALONE. Cuireann an seirbhís tacaíochta agus cairdeas, comhluadar agus tacaíocht praiticiúil ar fáil do dhaoine atá níos sine gur mhaith leo cuairteoir in aghaidh na seachtaine. Tá an seirbhís seo deartha chun mothúcháin d’aonrú agus uaigneas a laghdú, agus chun fadhbanna laethúil a réiteach, agus chun deis a thabhairt do dhaoine atá níos sine mothú slán agus iad sa bhaile. Téir chuig www.alone.ie chun níos mó eolais a fháil agus síniú suas.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart