Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(26/6/2022)
An Tríú Domhnach Déag Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Comoradh bás an Athair Ó Briain
Beidh an chéad comóradh bháis an tAth Ó Briain ar an 7ú Iúil.
Beidh aifreanntaí ar Domhnach an 3ú ag a 10 i gCúil Aodha agus ag a 11 i mBaile Mhúirne – agus ar Deardaoin an 7ú Iúil ar a 9.30am da anam uasal. Beannacht Dé leis.
The first anniversary of an an tAth Donal O Briain occurs on July 7th
Masses on the previous Sunday July 3rd at 10 and 11 – and on Thursday July 7th at 9.30 am will be offered for the repose of his soul. May he rest in peace
Re Aifreanntaí speisialta
Beidh aifreann ar Raidió na Gaeltachta ar an 3ú Iúil ar a 11 a clog i mBaile Mhúirne.
Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Baile Mhuirne on Radio na Gaeltachta on July 3rd
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G om August 7th
Nóta tabhachtach –
Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.
Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha
Baisteadh 2022
Déanaimid comhgháirdeachas leis na daoine seo a ghlac sacraimint an Bhaiste i rith an chéad sé mhí den bhliain.
We congratulate the following who received the sacrament of Baptism in the first 6 months of 2022
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Máirín McSweeney (Ní Laoighre), Dúghlas & Baile Mhic Íre
Donal (Don) Ó Loinsigh, MagCromtha agus Doire na Sagart
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Máire Bn Uí Chrualaoi Ní Cheocháin An Murnach Beag agus Baile An Chollaigh
Máire Bn Mhic Suibhne. Bóthar Chill Áirne MágCromtha
Eibhlín Bn Mhic Suibhne, Na Doirí, Cúil Aodha
Mary O Mahony Cill Crotháin
Kitty Lynch. Má Réidh, Baile Mhuirne.
Tommy Sheehan Má Réidh, Baile Mhuirne.
Brian Forde Co Mhuigheo
Eoiní, Seán agus Dónal Ó Suilleabháin. Doirín Aluinn
Danny Finnegan, Bóthar Abán & Doire na Sagart
Máirín Desmond, Baile Mhic Íre Thoir.
Seán agus Sile Uí Mhuirithe, Bóthar Abán
Margaret Hallisey. Cill Garbháin
Joan Mac Carthy, Máigh Réidh agus Dúglas,
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an céad leabhar Ríthe 19:16. 19-21
D’éirigh Elisea agus lean sé Éilias.
Dúirt an Tiarna le hÉilias:
Imigh leat anois agus déan Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.
D’imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag.
Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air. D’fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias.
“Lig dom m’athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.”
D’fhreagair Éilias:
“Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”
ThiontaighEilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus d’itheadar.
D’éirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 15
Freagra : Is tusa, a Thiarna, mo chuid de réir oidhreachta.
1. Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.
Deirim leis an Tiarna: ‘Is tú mo Dhia.’
Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta,
agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh! Freagra
2. Beannaím an Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,
agus teagasc a thabhai rt do mo chroí san oíche.
Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche Freagra
3. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam,
agus mairfidh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin.
Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh,
ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil. Freagraa
4. Taispeánfaidh tú slí na beatha dom,
agus iomlán lúcháire i d’fhianaise,
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Galataigh 5:1. 13-18
Is chun saoirse a bhheith agaibh a glaodh oraibh.
D’fhonn is go mbeimis saor is ea a d’fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair. Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre.
Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá. Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.” Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad.
Is é a mheasaim a rá: mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d’ainmhianta na colainne. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh. Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa A Sam 3:9; Jn 6:68
Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 9:51-62 Glóir duit, a Thiarna
Bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim. Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.
Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim, agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó. Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall. Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad:
“A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”
Ach d’iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh. Agus d’imigh siad go dtí baile nárbh é.
Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis:
“Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”
Dúirt Íosa leis:
“Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
Dúirt sé le duine eile:
“Lean mise.”
Ach dúirt seisean:
“A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m’athair a adhlacadh.”
Dúirt sé leis:
“Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.”
Dúirt duine eile fós:
“Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.”
Ach dúirt Íosa leis:
“Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Comhdháil Ghobnatan – Cumann Naomh Uinsean de Pól
Tá fhios ag bhúr gcumann áitiúil go bhfuil mórán clannta go bhfuil boilsciú agus costas maireachtála an lae inniu ag goiliúint go mór orthu. Fearannmíd fáilte caoin roim éinne gur mhaith leo tacaíocht nó cúnaimh ár gcumann do theacht chuchu. Tá gach comhrá agus gníomh déanta faoi rún daingean. Seo iad na uimhreacha le dul i dteagabháil linn 086/ 2400574 or 021 4270444
St Gobnait’s Conference – St Vincent De Paul Society.
Your local conference is very aware that many families and individuals are finding the spiralling cost of living extremely challenging at this time. Anyone who wishes to avail of the supports the Conference may be able to offer are invited to make contact with the conference in strictest confidence on either of the telephone numbers listed here 086/ 2400574 or 021 4270444