Nuacht Litir 3/7/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(3/7/2022)

An Ceathrú Domhnach Déag Saor

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30

I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.


Comoradh bás an Athair Ó Briain

Beidh an chéad comóradh bháis an tAth Ó Briain ar an 7ú Iúil.
 Beidh aifreannta ar an nDeardaoin an 7ú Iúil ar a 9.30am da anam uasal. Beannacht Dé leis.
The first anniversary of an an tAth Donal O Briain occurs on July 7th
Mass on Thursday July 7th at 9.30 am will be offered for the repose of his soul. May he rest in peace


Re Aifreanntaí speisialta

Beidh aifreann ar Raidió na Gaeltachta ar an 3ú Iúil ar a 11 a clog i mBaile Mhúirne.
Beidh aifrerann ar Raidió na Gaeltachta ar an 7ú Lúnasa ar a 11 a clog i gCúil Aodha.
Mass at 11 am in Baile Mhuirne on Radio na Gaeltachta on July 3rd
Mass at 11 am in Cuil Aodha on R na G om August 7th

Nóta tabhachtach

Ní bheidh aon aifreann maidine 10.30am i gCúil Aodha ar an Mháirt go dtí go bhfógrógar a mhalairt.

Please note that until further notice there will be no 10.30 am Mass on Tuesdays in Cuil Aodha

Baisteadh 2022
Déanaimid comhgháirdeachas leis na daoine seo a ghlac sacraimint an Bhaiste i rith an chéad sé mhí den bhliain.
We congratulate the following who received the sacrament of Baptism in the first 6 months of 2022

Elsie Joan Audrey King,
Micheál Conchubhar Ó Donnchú,
Hannah May Nic Charthaigh,
Kieran Martin Ó Lúasa,
Anna Ní Scanaill,
Oran Jeffery Con Swann,
Dónal Óg Matthew Ó hÉalaithe,
Feidhlim Máirtín Ó Riordáin,
Ethan Thomas Ó Riordáin,
Fionn Dónal Ó Riordáin,
Mairéad Ella Papalski,
Caolan Dónal Mac Cárthaigh,
Tess Mary Nic Charthaigh,
Christopher Abán Déiseach,
Isla Laboure Ní Chonaill,
Sophie Senkane Costin-Healy,
Edgar Robert Staszcak,
Alex Jeziorski

Paidreach ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

 

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Margaret Uí Chéilleachair Dóirin Áluinn
An tSiúr Eibhlín Ní Éalaithe, Na Milíní
Eibhlín Uí Shuibhne, Na Doirí
Paddy Casey, Baile Mhic Íre
Lizzie & Jim O’Brien, Cúil-Aodha
Nell Scannell, An Muileann
Christie Spillane, Carraig Tuathail
Mary Murphy, Má Réidh
John McCarthy, Seana Chluain
Gearoid Mac Suibhne, Oifig a’ Phoist
Ned Horgan, Sliabh Riach
Máire Ui Shuibhne, Gort an Acra
Patsy Lyons, Bóthar Abán.
Seamas de Búrca, Liosbuí beag, Cill na Martra.
Muintir Uí Thuama, Cnoc a’ Rudaigh,
Donal Ó Criodáin, Cill Garbháin,
Cal Mac Carthaigh, Na hUláin Thiar, Baile Mhic Íre
May Twomey. An Muileann agus Brehane Maigh Chromtha
Liam Mac Fhlanachadha Sráid na Catharach (Willie Clancy)

 

CÉAD LÉACHT

Sliocht  as Leabhar Íseáia, Fáidh.    66:10-14
Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann.

Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim,
bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi!
Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi,
sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!

Ionas go dtálfar bhur sáith oraibh
ó chíocha na sólás,
ionas go mblaisfidh sibh go fonnmhar
de dhiúl a glóire.

Óir is mar seo a deir an Tiarna:
Cuirfidh mé an tsíocháin uaim
ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann,
agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha
saibhreas na gciníocha.

Beidh a leanaí cíche á n-iompar ar an leis
agus á luascadh ar ghlúine.
Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis,
mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse.
(In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)

Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí,
agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir.
Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh
agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Salm le freagra.        Sm 65
Freagra                       Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.

1. Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile,
canaigí clú a ainm.
Tugaigí moladh mórghlórach dó.
Abraigí le Dia: ‘Nach éachtach iad d’oibreacha!’      Freagra

2. Adhrann an talamh uile thú,
canann sí duit, canann sí do d’ainm.
Tagaigí agus feachaigí oibreacha Dé,
na héachtaí a rinne sé i measc na ndaoine.               Freagra

3. Chlaochlaigh sé an mhuir ina talamh thirim;
chuathas de chois thar an abhainn.
Da bhrí sin déanaimis lúcháir.
Rialaíonn sé lena chumhacht go síoraí.                     Freagra

4.Sibhse uile ar a bhfuil eagla Dé, tagaigí, éistigí,
is inseoidh mé daoibh faoina ndearna sé dom.
Go moltar Dia nár thug an diúltú do mo ghuí,
is nár tharraing siar a bhuanghrá uaim.                   Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Galataigh      6:14-18
Tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.

A bhráithre, nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom. Is cuma timpeallghearradh, nó ga timpeallghearradh, ach cruthú as an nua. Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.

Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam.Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa         Eo 15: 15
Alleluia, alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                       Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás      10:1-12. 17-20      Glóir duit, a Thiarna.
Fanfaidh bhur síocháin aige.

San am sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.

Dúirt sé leo:

Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d’aon duine ar an mbóthar. Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’ Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’ Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodom an lá úd ná ag an gcathair sin.

Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá:
A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.”
Dúirt sé leo:
“Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc. Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart



Fógraí

Comhdháil Ghobnatan – Cumann Naomh Uinsean de Pól
Tá fhios ag bhúr gcumann áitiúil go bhfuil mórán clannta go bhfuil boilsciú agus costas maireachtála an lae inniu ag goiliúint go mór orthu. Fearannmíd fáilte caoin roim éinne gur mhaith leo tacaíocht nó cúnaimh ár gcumann do theacht chuchu. Tá gach comhrá agus gníomh déanta faoi rún daingean. Seo iad na uimhreacha le dul i dteagabháil linn 086/ 2400574 or 021 4270444
St Gobnait’s Conference – St Vincent De Paul Society.
Your local conference is very aware that many families and individuals are finding the spiralling cost of living extremely challenging at this time. Anyone who wishes to avail of the supports the Conference may be able to offer are invited to make contact with the conference in strictest confidence on either of the telephone numbers listed here 086/ 2400574 or 021 4270444

Leave a Comment