Paroiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
(4/9/2022)
An Tríú Domhnach Fichead Saor
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé hAoine 10:30
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
De bharr ardú i mo chuid gealltanaisí, ag an deireadh seachtaine, nílim in ann glacadh le aistriúcháin choirp nó bheith i láthair chun paidreacha sochraide a rá oíche Sathairn nó aifreann sochraide a cur i láthair ar maidin Domhnaigh i bparóiste Baile Mhúirne – Cúil Aodha go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Notice re Funerals
Until further notice that due to increased commitments at weekends I am not in a position to receive remains or officiate at removals on Saturday evenings or to officiate at funeral Masses on Sunday mornings in the parish of Baile Mhuirne/Cuil Aodha.
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Raymond Ó Briain, Baile Mhuirne agus Cluan Droichead
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Máire Uí Chathaláin (de Búrca), Cúirt Mhic Shéafraidh & Liosbuí, Cill na Martra
Concubhar ‘Neilus’ Ó Liatháin
Cáit Bean Uí Liatháin, Cúil Aodha.
Anna agus Maidhcí Diarmáin Ó Duinín Cúil Aodha
Pat Twomey, Baile Mhic Corcoráin, Cluain Droichead.
Liam Ó hÉigeartaigh, Baile Mhúirne
Mai Ní Shíocháin, Má Réidh, Baile Mhic Íre
Con Ó Céileachair, Baile Mhic Íre agus Cúm a’ Ghadhair.
Tadhg Mac Suibhne, Baile Mhic Íre
Christy Ó Cuill. Béal Atha an Ghaorthaigh agus Cill Áirne
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar hEagna 9:13-18
Cén duine ar féidir leis a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna?
Cén duine ar féidir leis fios a fháil ar rún Dé
nó a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna?
Mar, tá réasúnaíocht an duine gan mhaith
agus is guagach í ár n-intinn.
Óir tá an corp somhillte ina ualach ar an anam
agus tá an bhoth thalmhaí ina meáchan ar an aigne shuaite.
Is ar éigean is féidir linn a bhfuil ar an talamh a thomhas
agus ní gan dua a fhaighimid a bhfuil in aice láimhe.
Cé hé ar féidir leis, mar sin, a bhfuil ar neamh a rianú?
Cé a fuair fios ar do rún riamh murar thug tusa an eagna dó
agus murar chuir tú do spiorad naofa chuige ó na flaithis?
Sa tslí sin díríodh bóithre mhuintir an tsaoil seo
agus múineadh do dhaoine céard ab áil leatsa,
agus sábháladh iad tríd an eagna.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 89
Freagra A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.
1. Déanann tú deannach arís den duine,
Á rá: Ar ais libh, a chlann Ádhaimh.’
Óir níl míle bliain i d’fhianaise
ach mar an lá a d’imigh tharainn inné;
níl iontu ach faire na hoíche. Freagra
2.Tugann tú daoine chun siúil mar bhrionglóid
nó mar fhéar úrghlas
a eascraíonn is a bhláthaíonn ar maidin
is a bhíonn feoite seargtha faoi thráthnóna. Freagra
3.Múin dúinn ár laethanta a áireamh
chun go mbainfimis amach críonnacht chroí
Fill, a Thiarna!-cá fhad?
agus bí trócaireach le do sheirbhísigh. Freagra
4. Tabhair dúinn go luath ár sáith de do bhuanghá.
is déanfaimid gairdeas is lúcháir de shíor.
Bíodh caoinchineáltas an Tiarna anuas orainn.
Bí fabhrach d’obair ár lámh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Filómen 9-10. 12-17
Glac leis, nac marsclábhaí a thuilleadh, ach rud níos fearr ná sclábhai – mar bhráthair ionúin.
A bhráithre, mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann. Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat, cé go mb’fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil. Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é. B’fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air, ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí. Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d’fháilteofá romham féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 15
Alleluia, alleluia!
Thug mé cairde oraibh,a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 14:25-33
Gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
San am sin bhí sluaite móra á thionlacan, agus d’iompaigh sé agus dúirt leo:
“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’ Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige? Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.
A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart