Tuatha na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(2/10/2022)
An Seachtú Domhnach Fichead Saor
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Cúil Aodha
An Domhnach 10:00
Cill na Martra
Dé Sathairn 8:00
An Domhnach 11:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 8:00
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Diarmuid Eugie Ó Suilleabháin, Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha
Johnny agus Jean Ó Loinsigh, Baile Mhic Íre Thoir.
Tadhg Mac Suibhne. Claon Ráth, Cill na Martra
Mary (Free) Mc Sweeney, An Muileann, Baile Bhúirne
Seán Ó Riada. An Murnach Beag, Cuil Aodha
Micheal Ó Luasa, Ínse Mhór
Séan Ó Ríordáin, Doirín Aluinn, Baile Mhuirne
Cora Bn Uí Fhuaráin, Baile Mhic Íre.
Jerry (Diarmáin) Ó Duinnín, Cúil Aodha
Denis Dinneen, An tSráid.
Máig Uí Loinsigh, Na hUlláin
Denis Ó Laoghaire, Na Cipeacha
Helen de Róiste, Gort na Tiobratan
Batt de Róiste, Sliabh Riach
Siobhán (Hannie) Bn Úi Scanaill, Oifig an Phoist, Cúil Aodha
William Seártan. Béal Átha’n Ghaorthaidh
Manus Ó Ríordáin, Baile Átha Cliath
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Habacúc, Fáidh. 1:2-3; 2:2-4
Mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.

Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n-éistfidh tú liom
nó ag éamh “Foréigean!” agus nach bhfuasclóidh tú sinn?
Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin?
Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom?
Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.
Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:
“Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh.
Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo;
tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag.
Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;
ní theipfidh uirthi choíche.
Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;
ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 94
Freagra Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniú: ‘Ná calcaigí bhur gcroí’
1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,
tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdeas dó le laoithe. Freagra
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
feacaimis ár nglúiiné don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ar nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniú:
‘Ná calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,
mar a tharla an la lid ag Masá san fhásach
mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara Litir Timóteas 1:6-8. 13-14
Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna
A bhráithre, ionúin táim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. An spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.
An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosáin é le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa 1Sam3:9, Eo 6:68
Alleluia, Alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 17: 5-19 Glóir duit, a Thiarna.
Méadaigh an creideamh againn
San am sin dúirt na haspail leis an Tiarna:
“Méadaigh an creideamh againn.”
Ach dúirt an Tiarna:
“Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.
“Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’? Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’? An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d’fhiacha orainn a dhéanamh.’”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart