Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(30/10/2022)
An Fichiú Domhnach Fichead Saor
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Pharóistí/ Masses for the coming week
Baile Mhúirne
Domhnach 30/10 – 11.30rn
Sathairn 5/11—6.30in
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain 31ú—11.00rn
Ní bheidh aon Adhradh Luan 31ú Deireadh Fómhair
Dé Luain—6.30in
Dé Máirt Lá na Naomh – 11:30rn
De Céadaoin Féile na Marbh—9:30rn
Dé hAoine – 9:30rn
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Dé Máirt Lá na Naomh – 10:00rn
Dé Céadaoin Féile na Marbh- 10.30in
Cill na Martra
An Domhnach – 11:30rn
Dé Máirt Lá na Naomh – 11:30rn
De Céadaoin Féile na Marbh—8.00 in
Aifreann Dé hAoine 7.00in
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Dé Luain—8.00in
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Paidreach ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Domhnal Ó Muimhneacháin. Gort na Scairte
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Ciarán Ó Súilleabháin. Páirtín, Co an Chláir agus Baile Mhuirne
Ellie Uí Buchalla Barr d’Inse, Cúil Aodha
Con & Síle Uí Bhriain. Cúm a’ Ghadhair
Nora Slocum (Ní Éalaithe) Wilton agus Na Milíní.
Eibhlín Uí Shíocháin (Ní Ríordáin) Killeagh agus Doirín Aluinn Cúil Aodha.
Julia Uí Éalaithe , Sliabh Riach.
Diarmuid, Cait agus Con Ó Duinnín, Cúil Aodha
Michael M. Twomey, Na Ceapacha,
Áine Twomey, Cill Chainnigh.
Seán Ó Liathain & a bhean Siobhán Uí Liatháin Chnoc An Iúir.
Traolach Mac Suibhne, Atharlach agus Cúil Aodha
Diarmuid, Daniel agus Margaret Murphy, Na Flatts, Baile Mhuirne
Denny Ó Murchú, Gleann Daimh.
Páid O Dubháin, an Fearann,
Madge Hegarty, Cill Garbháin
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar hEagna 11:22-12:2
Óir tá grá agat do gach uile ní atá ann.
I do láthairse, a Thiarna, tá an domhan go léir mar dhúradán deannaigh a chuireann an mheá ó chothrom
agus mar bhraon drúchta a thiteann ar an talamh go moch ar maidin.
Tá trua agat do gach uile ní mar is féidir leat gach uile ní a dhéanamh;
scaoileann tú tharat peacaí an domhain le súil go ndéanfaidh siad aithrí iontu.
Óir tá grá agat do gach uile ní atá ann agus ní ábhar déistine duit aon ní dá ndearna tú.
Mar dá mba fhuath leat ní ar bith ní bheifeá tar éis é a chruthú.
Conas a d’fhéadfadh aon ní maireachtáil murach gur toil leatsa é?
Conas a d’fhéadfaí aon ní a chaomhnú dá mba rud é nach raibh gairm faighte aige uaitse?
Coiglíonn tú gach uile ní mar is leatsa iad, A Thiarna, a chara na mbeo.
Óir tá do spiorad domhillte féin i ngach uile ní.
Beagán ar bheagán, mar sin, ceartaíonn tú na daoine a dhéanann peacaí;
cuireann tú a gcionta i gcuimhne dóibh agus tugann tú rabhadh dóibh fúthu
d’fhonn go scarfar iad ón olc agus go gcuirfidh siad a muinín ionatsa, a Thiarna.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 144
Freagra Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom, is a Rí
1. Tabharfaidh mé glóir duit, a Dhia liom, is a Ri
beannóidh mé d’ainm de shíor.
Beannóidh mé thú gach uile lá
agus molfaidh mé thú de shíor. Freagra
2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
3. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta,
agus foilseoidh siad do chumhacht. Freagra
4. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile,
agus is naofa é ina oibreacha go léir.
Coinníonn an Tiarna gach duine a bhíonn ag titim
agus tógann sé suas gach duine a bhíonn ar lár.
Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 1:11-2:2
Beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh.
A bhráithre, Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfadh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfadh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh. Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost.
Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina airicis, impímid oraibh, a bhráithre, gan bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Alleluia Véarsa Lc 19: 38
Alleluia, Alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 19:1-10 Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.
San am sin ar theacht isteach in Ireachó d’ Íosa, bhí sé ag gabháil tríd. Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa. Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil. Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis:
“A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”
Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.
Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.” Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna:
“Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d’aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.” Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d’Abrahám an duine seo freisin:
óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.