Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(6/11/2022)
An Dara Domhnach Triochad Saor
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
Dé Sathairn 6:30
Cúil Aodha
An Domhnach 10:00
Cill na Martra
Dé Sathairn 8:00
An Domhnach 11:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 8:00
I dtaobh sochraidí sa Pharóiste
Ní ghlacfar le corp isteach sna séipéil, do phaidreacha na mairbh ar Shatharn, as seo amach, agus ní bheidh aifreann sochraide ar fáil aon Domhnach i bparóistí Bhaile Mhúirne/Cúil Aodha agus Chill na Martra/Réidh na nDoirí.
Notice re Funerals
Due to increased commitments at weekends there will be no receiving of remains or removals on Saturday evenings, or funeral Masses on Sunday mornings, in the parishes of Baile Mhuirne/Cuil Aodha and Cill na Martra/Réidh na nDoirí.
Féach Fógraí ag deire an Nuacht Litir
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Eiblín Ní Chríodáin. Cúm na Cloiche, Baile Mhuirne.
Domhnal Ó Muimhneacháin. Gort na Scairte
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Kathleen Kelleher (Gortnatubrid)
Gerard Kelleher, Baile Mhic Íre
Diarmuid, Daniel agus Margaret Murphy, Na Cilíní. Baile Mhuirne
Pádraig (Paddy) Mac Suibhne (Na Doirí, Cúil Aodha agus Nua Eabhrach)
Eibhlín Ní Chríodáin, Barr an Chumadh
Siobhán Parthalán Bn Uí Dhuinnín Cúil Aodha,
Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha
Concubhar ‘Néilus’ agus Cáit Uí Liatháin, Cúil Aodha
Mairín Wiseman. Cúil Aodha
Donnacha Ó Ríordáin, Doirín Aluinn, Cúil Aodha
Dónal Ó Tuama, Cúil Iarthar
Mary Twomey, Cluan Droichead
Síle Uí Laoire, Gort na gCross
Briain Ó Tuama, Túnláin
Con & Sheila O’Brien, Cúm a Ghadhair
Julia Uí Ealaithe, Sliabh Riach
Conchúr (Curley) agus Nóra Bn. Uí Chróinín Na Miliní
William Twomey An Bhlárnain
Paddy Bobby Cooney , Cill Na Martra
Valerie O Donoghue. Ladhair na Gaoithe, Béal Átha an Ghaorthaigh
Nóra Murphy, Cluan Droichead.
Timmy Hyde Cill Garbháin
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar Macabéach 1 -2. 9-14
Tógfaidh Rí an Domhain chun na beatha síoraí sinn.
Tharla gur gabhadh seachtar deartháireacha mar aon lena máthair. Rinne an rí iarracht a chur d’iallach orthu muiceoil a bhlaiseadh, rud atá coiscthe sa dlí. Céasadh le fuipeanna agus le sciúirsí iad. Labhair duine acu thar ceann na ndaoine eile agus is é a dúirt sé: “Cad atá tú ag iarraidh a fháil amach uainn? Is fearr linn an bás ná dlíthe ár sinsear a bhriseadh.”
Nuair a bhi sé ar an dé deiridh, scairt an dara deartháir amach:
‘A dhiabhail bhrúidiúil, tig leat an bheatha seo a bhaint dinn, ach tógfaidh Rí an Domhain chun na beatha síioraí sinn, óir is ar son a dhlithe atáimid dár gcur chun báis.’
I ndiaidh an duine sin chuaigh siad go sultmhar i mbun an triú deartháir. Nuair a iarradh air a theanga a chur amach, chuir sé amach láithreach í agus shin sé a lámha amach go dána á rá go huasal: ‘Dia a thug na géaga seo dom; ar son a dhlí táim sásta iad a chaiiliúint; tá dóchas agam go bhfaighidh mé ar ais uaidh athuair iad.’ Bhain misneach an fhir óig agus a neamhshuim sa phionós stangadh as an ri agus a lucht freastail.
Nuair a bhi sé sin marbh, thug siad an céasadh brüidiúil céanna don cheathrú deartháir. Nuair a bhi an bás ag teannadh leis, ghlaoigh sé os ard: ‘Is é an rogha a rinneamar an rogha is fearr, go maródh daoine sinn agus sinn ag brath ar ghealltanas Dé go dtabharfaidh seisean aiséiri dúinn, ach nil aon aiséirí ná beatha ná i ndán daoibhse.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm Le Freagra Sm 16
Freagra Ag dúiseacht dom beidh mé sásta le radharc do ghnúise, a Thiarna.
I. Éist, a Thiarna,le cúis chóir,
tabhair aire do mo ghlór.
Tabhair cluas do m’urnaí
a thagann as beola gan mheabhail. Freagra
2. Ghreamaigh mo choiscéimeanna go daingean de do shlite.
Ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.
Gairim ort toisc go gcloiseann tú mé, a Dhia;
claon chugam do chluas is éist le mo briathra. Freagra
3. Folaigh mé faoi scath do sciathán.
Feicfidh mise, áfach, d’aghaidh i bhfíréantacht,
agus ag dúiseacht dom beidh mé sásta
le radharc do ghnúise. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara Litir Teasalónaigh 2:16 – 3:5
Go dtreisI an Tiarna libh i ngach gnlomh agus briathar dáeabhas.
A bhráithre, Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean, go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin. Agus bígí ag guí chomh maith go saorfar sinne ó dhrochdhaoine mallaithe, mar ní hé gach duine a bhfuil an creideamh acu. Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh. Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh. Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost.
Alleluia Véarsa Lc 21: 36
Alleluia, alleluia!
Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus
ag guí chun go mbeadh sibh ag seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 20: 27-38
Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo.
San am sin tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh – iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann – agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a d’ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. An dara duine ansin,
agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.”
Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí. Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib.
Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.”
Soiscéal Dé
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Taréis Aimsir na bPéin Dlithe agus saoráid beag tabhartha do chaitlicigh, ba Tuath na Dromann ab ainm don paróiste mar a raibh Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Cill na Martra. Bhí blúirín de Chluan Droichead ann leis. Sa bhliain 1858 do roinn an tEasbog Liam Ó Catháin iad ina ndá Paróiste. Tá an dá pharóiste ag feidhmiú nar aon poharóíste amháin arís anois i bhFomhar na bliana 2022.
Seo leannas blúirín Staire i dtaobh Tuath na Dromann, mar a bhaillibh Treasa Ní Rioghardáin, Baile Uí Bhuaigh é, ó Mícheal Ó Murchadha ó Bhaile Bhuaigh, do Bhailiúchan na sScol agus atá le fáil ar an suíomh Duchas.ie
Stair Cill Na Martra
Tá paróiste Cill-na-martra nó Tuath na Dromann i mBarúntacht Mhuscraí. Tá sé lár baill de Uibh Laoghaire, Baile Mhúirne, Cluain Droichead agus Maghcromtha.
Ins an seachtú aois, sé sin an aois a lean ré Ghobnatan i mBaile Mhúirne do mhair Naomh Laichtín i dTuath na Dromann. Ba ag Cloch Adhnaidh do bhí a cill aige, áit ‘na raibh an altóir ag na Págánaig roimhe sin. Cill Laichtín a tugtaí ar an áit seo ar dtuais ach toisg na sluaite mairtíneach do tháinig ann chun na leighiste, d’aistrigheadh go Cill na Martra é.
Níl aon Cill le feiscint ann inniú ach tá chairn mor de’s na clochaibh a bhí a thógaint caite ann agus tá rian an teampuill féin le feiscint go soiléir nuair a deintear an pháirc a threabhadh. Tá dhá tobair san áit go glaotar toibreacha Laichtín ortha. Is ar an dtaobh theas de Cloch Adhnadh atáid agus ar thaobh an bhóthar a ritheann ó Mághchromtha go Béal Átha an Gaorthaidh. Tá an dá tobair in aice a chéile agus níl aon difríocht eathortha. Cuma cearcallach atá ortha. Níl aon sruthán ag teacht isteach ionnta, ná ní théigeann aon cheann amach asta ach comh bheag, ach ní fhaca aoinne riamh na toibreacha san gan a bheith lán d’uisce brea fionnfhuar.Tá dath dubh ar an uisce le feischint air ins na toibreacha mar a mbéadh uisce phortaig. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce céanna san agus tagann roinnt daoine ann cun paidreacha do rádh.
Deirtear gur dóigheadh agus gur chreachadh Cill Laichtín sa bhliain 836. Do chuireadh suas airís í ámh agus do bhí sé annso go dtí go thuit sé san séu aois déag. Fuair naomh Laichtín bás san mbliain 685. Ó aimsir Naomh Laichtín i leith is beag é tábhacht Muscraidhe Uí Fhloinn go dtí go dtagaimid go dtí aimsir Briain Bóirimhe san 10adh aois.
Is ait ar fad an scéil a hinnstear i dtaobh Bealach Leachta, atá suidhte tímpeall leath míle siar ón áit a dteangmhuigheann an Súlan leis an [?].Tá trí leachtanna tógaithe san áit sin agus tugtar “Leachtanna Mathghamhna” ortha. Deirtear gur annso a marbhuigheadh Maolmhuaidh agus Ó Donnbháin Mathún Rí Mhumhan [?]. Deirtear leis gur ann a troideadh an chath idir Briain Bóírmhe agus na daoine a mhairbh a dhritheair Do mharbhuigheadh Maolmhuadh ins an gcath seo agus tá sé curtha ar an dtaobh thuaidh de’n Sliabh Mín, an áit a glaotar an Leaca Dubh air mar ní féidir don grian taithneamh ar an uaig annsan.
Do chuir na Suibhnig fútha taobh thiar de Mághcromtha agus ní raibh fághtha ag na Floinnig sa deire ach paróiste Tuath Na Dromann. B’iad muinntear Uí Fhloinn a thóg caisleán Dún Dá Radharch agus is ann a chuireadh deire le‘n a gcómhacht.Tá an caisleán seo suite ar cheann de dromannaibh Tuath Na Dromann – drom atá ag scaramhaint abha an Laoi agus abha an tSuláin agus tá radharc breá le feiscint ón gcaisleáin.
Do bhí sé i seilbh Muinntir Chártaigh ó 1570 [?] go dtí gur thug Cormac Mac Cárthaigh súas é tar éis briseadh Cionn tSáile. Do thuit an caisleán san mbliain 1820, agus chuireadh na cloca ag déanamh teampuill Protastúnaig gairid don áit.
Ag tagairt do’n teampeall céadhna, do bhí sé tógtha an gairid do’n reilig Caitliceach.De réir béaloideas na ndaoine ní raibh ceadaithe d’aon sagairt dul níos giorra ná dá mhíle de’n reilig le sochraid. Tá scéal mar gheall ar casadh sa bhóthar atá dá mhíle siar ó’n reilig sin,casadh go glaodhtar “Lúibín na gCorp” air. Do thagadh an sagart sa t-socraid cómh fada le seo, agus leigtí an chómhra anuas ar chloic ar thaobh an bhóthar (tá an cloch le feiscint ann go dtí an lá inniú).Annsan nuair a bhéadh paidreacha na marbh ráite ag an sagart do leanadh an socrad ar agaidh go dtí an reilig gan an sagart.
Tá trí liosanna i bparóiste Cill na Martra agus tá baint éigin acu le na chéile mar táid suite dhá mhíle,trí mhíle agus míle ón a chéile. Sa Chathair Deaghadh an ceann is tábhtachtaí díobh, é tógtha i mbarr cnuic go bhfuil radharc mór le feiscint uaidh.
Sé an Sulán an príomh abha atá ag an Laoi agus eirigheann sí imeasg Sléibhte Doire na Sagart,i bparóiste Baile Mhúirne. Ritheann sé isteach i Loch an Bhogaig i gCúil Aodha, annsan ritheann sé síos go Mágh deas mar atá bailte Baile Mhúirne agus Carraig an Adhmaid suite. Direach lastoir de Baile Mhuirne tagann Beochal isteach inti ón tuaisceart. Míle lastoir de Carraig-an-Adhmaid buaileann sí leis an Dubhghlas, abha atá mar teórainn idir Baile Mhúirne agus Cill na Martra. Ritheann an Súlán tré Mághcromtha agus teangmhuigheann sé leis an Laoi tímpeall míle lastoir de’n mbaile mhór sin. Deirtear gurbh é an Sulán an t-aon abha amháin in Éirinn go bhfuil ainm fir-inscinneach air. Tá sean-fhocal ann ‘na thaobh:
“Mise an Sulán fuar, fada, fireann,
Anois an t-am agus cá bhfuil an duine.”
Agus arís:
“Do bháidhfinn fear is mé im thráigh”
Tá an dara cheann sin ag tagairt do phiseóg atá ag muinntear na h-áite a deireann go ndeintear duine do bháthadh ann gach seacht mbliadhain.