Ar fágaíl slán leis an gcorp (sa tséipéal – sa Reilg 7rl)

Sagart:  Le dóchas in íosa Críost tá corp ár ndearthár (ndeirféar), (Ainm), á chur san uaigh againn. larraimid go humhal ar Dhia, dá bhfónann gach dúil, an corp faonlag seo a thógáil faoi ghlóir isteach i gcomhluadar na naomh agus é a áireamh ar shluaite na bhfíréan.
Go dtuga Dia breithiúnas trócaireach air/uirthi, go maithe sé a p(h)eacaí dó/di agus go saora sé ón mbás é/í. Go dtreoraí an tAoire fónta é/í chun athmhuintearais leis an Athair agus go bhfaighe sé /sí aoibhneas go deo mar aon leis na naoimh i láthair an Rí shíoraí.

Fanann cách ina dtost ag guí ar feadh tamaill bhig. Croitear uisce coisricthe ar an gcorp agus túistear é.

Sagart: Cabhraigí leis/léí a naomha Dé. Tagaigí le chabhrú, a aingle an Tiarna.
Pobal: Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é/í.
Sagart: Críost a ghlaoigh ort, go bhfailtí sé romhat, agus go stiúra aingil an Tiarna go hucht ábraham thú.
Pobal: Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é/í.
Sagart: Suaimhneas síoraí tabhair dó/di, a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air/uirthi.
Pobal: Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Té is áirde é/í.
Sagart: A Thiarna, déan trócaire.
Pobal: A Thiarna, déan trócaire.
Sagart: A Chríost, déan trócaire.
Pobal: A Chríost, déan trócaire.
Sagart: A Thiarna, déan trócaire.
Pobal: A Thiarna, déan trócaire.
Urnaí
Sagart: A Athair na trócaire, cuirimid anam ár ndearthár/ndeirfiúr faoi do choimirce. Gabhaimid buíochas leat as an gcineáltas go léir a bhronn tú ar do sheirbhíseach agus é/í sa saol seo. Bíodh an méid sin mar chomhartha againn ar do mhórmhaitheas féin, agus ar chomaoin na naomh i gCríost.
éist go trócaireach, lenár n-urnaithe, a Thiarna. Oscail geataí na bhflaitheas do do sheirbhíseach, agus cuidigh linne ar an saol seo sólás a thabhairt dá chéile le neart ár gcreidimh, go dtí go rachaimid go léir faoi dhéin Chríost agus go mbeimid in éineacht leatsa agus lenár ndeartháir/ndeirfiúr go deo. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Áméin.
Go dtreoraí na haingil isteach sna flaithis thú, go bhfáiltí na mairtírigh romhat agus go ndéana siad thú a thionlacan go cathair naofa Iarúsailéim.