Nuacht Litir 1/12/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

CÉAD DOMNACH DEN AIDBHINT – Bliain C

(1/12/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  6.00in
Dé Domhnaigh 9.30rn
Dé Luain 9.30rn  ⚜️Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn

Dé hAoine: 9.30

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 11:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Ken Rafferty Túnlán

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD DOMNACH DEN AIDBHINT – Bliain C

Advent 1

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Irimia,          33:14-16
Cuirfidh mise d’fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví.

Féach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn – agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá:

Sna laethanta sin agus san am sin
cuirfidh mise d’fhiacha ar Bheangán fíréanta
fás suas do Dháiví,
agus cleachtfaidh sé macántacht agus ionracas sa tír
sábhálfar Iúdá sna laethanta sin
agus mairfidh Iosrael i ndóchas.
Agus is é seo an t-ainm a thabharfar ar an gcathair:
An Tiarna Ár bhFíréantacht.’

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia  

SALM LE FREAGRA          Sm 24
Freagra                                 Chugatsa a thógaim m’anam, a Thiarna.

1. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna, agus teagasc dom do rianta.Treoraigh mé d’fhírinne agus teagasc óir is túsa, a Dhia, mo Shlánaitheoir.                                                                                                 Freagra 

2. Is maith is is díreach é an Tiarna. Taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht; múineann sé a shlí do na bochtáin            Freagra

3. Buanghrá is dílseacbt cosáin uile an Tiarna dóibh gcomhlíonann a chonradh is a aithne.
Tá gean an Tiarna orthu a dtugann urraim dó is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.    Freagra

DARA LÉACHT             

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh       3:12-4:2
Go ndaingní an Tiarna bhur gcroíthe sa naofacht ar theacht dár dTiarna Íosa. 

A bhráithre, go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh. Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.

Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne – conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim ag iarraidh mar achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Alleluia                             Sm 84:8
Alleluia, alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shlánú
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                                  Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás          21:25-28, 34-36            Glóir duit, a Thiarna.
Tá bhur bhfuascailt in aice láimhe.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“Beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; daoine i bhfantaisí éaga de bharr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith 2nd coming 2 an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus le glóir mhór. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in aice láimhe.’

Ach tugaigí aire daoibh féin gan ligean do bhur gcroí éirí garbh de bharr ragairne nó meisce nó cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar bhur gcumas dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196