Nuacht Litir 24/11/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Sollúntas Ár dTiarna Íosa Críost Rí na nUile

(24/11/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Dhainéil , Fáidh.         7:13-14
Tiarnas síoral a thiarnas

Jesus coming on cloudsChonaic mé i bhfíseanna oíche.
Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,
amhail mac an duine.
Thainig sé chun Sinsir na Laethanta, agus cuireadh os a chomhair é.

Dó síud tugadh tiarnas, glóir is ardfhlaitheas,

go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.
Tiarnas síoral a thiarnas,
nach rachaidh ar ceal, ná ní scriosfar a ríocht.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia  


Salm le Freagra
               Sm 92
Freagra                                Tá an Tiarna ina Rí: tá sé gléasta le maorgacht.

1. Tá an Tiarna ina Rí: tá sé gléasta le maorgacht; chlúdaigh sé é féin le neart,
chrioslaigh sé é féin le cumhacht.            Freagra

2. Bhunaigh tú an domhan go dobhogtha; tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta.
Ón tSíoraíocht atá tusa ann, a Thiarna.  Freagra

3. Is dearfa go deimhin do reachtanna. Is do do theachsa is cuí an naofacht,
a Thiarna, go brách an breithe.                Freagra

DARA LÉACHT         

Sliocht as  Leabhar Apacailipsis       1:5-8
Rialtóir ríthe an domhain… rinne sé ríocht agus sagairt dá Dhia agus da Athair dínn.Jesus 2nd coming

Is é Íosa Críost an finné dflis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain.
Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus da Athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.

Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr.
Abair é! Amen.

Mise an tAlfa agus an tÓmega,‘ a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, Rialtóir an Uile.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Mc 11: 10
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!

Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.                Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         18:33-37         Glóir duit, a Thiarna.
De réir mar a deir tú, is rí me.

San am sin dúirt Pioláit Ie hÍosa:
‘An tusa Rí na nGiúdach?’

D’fhreagair Íosa:

‘An uait féin a deir tú Kingdom of God an meid sin, nó an daoine eile a dúirt leat e mar gheall orm?
D‘fhreagair Pioláit: ‘An Giúdach mise?
Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom thú. Cad tá déanta agat?’

‘Dfhreagair Íosa:
‘Ní den saol seo mo ríocht.
Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé.
Ach anois ní as seo mo ríocht.’

Dúirt Pioláit leis: ‘Ach is rí thú ámh?‘
D‘fhreagair Íosa:
‘De réir mar a deir tú, is rí me.
Is é fáth ar rugadh mé agus ar tháinig mé ar an saol, chun fianaise. a thabhairt ar an bhfirinne.
Gach aon duine ar den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.’

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196