Nuacht Litir 17/11/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach Triochad Saor

(17/11/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Dé Máirt Aifreann Cuimhneachain ar Mairbh (Lasadh na gcoinneal7rl)   7:30

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

Aifreann Cuimhneachain ar Mairbh (Lasadh na gcoinneal 7rl) Cúil Aodha  Dé Mairt 12/11/2025 agus Baile Mhuirne 19/11/2025


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as  Leabhar Dainéil           12:1-13
Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir.

San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir Michael the archangel bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n-aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar. Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí.

Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.’

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia  

Salm le Freagra         Sm 15
Freagra                         Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim

I. Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta, agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh!
Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.          Freagra

2. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam, gus mairfldh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin.
Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh: na ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.     Freagra

3. Taispeánfaidh tú slí na beatha dom, agus iomlán lúcháire i d’fhianaise,
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.                                                                                                             Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as Litir chuig na Eabhraig         10:11-14. 18
Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.

jesus sacrifice1Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.

Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí.
Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.

Dá bhrí sin  nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa          Mth 24: 42.44                                                                        
Alleluia, alleluia!
Bígí ag faire, dá bhrí sin agus bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh
a thiocfaidh Mac an Duine.
Alleluia!

SOISCÉAL            

Go raibh an Tiarna libh.                      Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas       13:24-32          Glóir duit, a Thiarna.
Cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
‘Sna laethanta sin, tar éis na trioblóide sin, dorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas, agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crithResurrection1

‘Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir. Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe.

‘Ach ón gcrann fígí foghlaimígí an parabal. Nuair a bhíonn an ghéag úr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht. Amhlaidh sin daoibh, nuair a fheicfidh sibh na nithe seo ag titim amach, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

‘Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair,
níl a fhios ag duine ar bith, fiú ag na haingil sna flaithis, ná ag an Mac, ach ag an Athair.”

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196