Nuacht Litir 10/11/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Triochad Saor

(10/11/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

Aifreanntaí Cuimhneachain ar Mairbh (Lasadh na gcoinneal7rl) Cúil Aodha  Dé Mairt 12/11/2025 agus Baile Mhuirne 19/11/2025


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Dara Leabhar Ríthe       17:10-16
Rinne an bhaintreach mar a dúirt Éilias léi agus d’ith siad an bia, ise,
eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.

Elijah_and_the_WidowD’imigh Éilias go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt:
Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach,
ionas go mbeadh deoch uisce agam
.”
Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi:
Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.
Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d’fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”

Ach dúirt Éilias léi:
Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.

Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael:
Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh,
nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.’”

D’imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d’ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia.

Salm le Freagra .         Sm 145
Freagra                           Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
Malairt Freagra              Alleluia!

1. Is é an Tiarna a sheasann lena bhriathar de shíor agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois;
is é a thugann bia don ocrach: is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.                                 Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall, tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch, déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach.  Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan, ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin.                                                 Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as an Litir chuig na Eabhraig        9:24-28
Ofráladh Críost an t-aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin.

Second coming of christNí isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé. Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t-ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin. Óir dá mb’amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t-aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin. Caithfidh gach duine bás a fháil an t-aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air. Mar an gcéanna ofráladh Críost an t-aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Mth 5: 3                                                                            
Alleluia, alleluia!

Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.        Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Marcas       12:38-44     Glóir duit, a Thiarna.
Gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile.

San am sin dúirt Íosa ina theagasc:
“Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna; iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”jesus and poor widow

Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann. Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling. Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo:
“Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann. Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.”

Soiscéal an Tiarna.      Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196