Nuacht Litir 3/11/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An t-Aonú Domhnach Triochad Saor

(3/11/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11.00rn
Dé Máirt 9.30rn
Déardaoin: 7.30in
Dé hAoine 11.30rn
Dé Sathairn 11.30rn
Dé Domhnaigh 11.30rn
3.00 paidreacha i Reilig Ghobnatan
Cúil Aodha
Dé hAOine 10.00rn
Dé Sathairn 10.00rn Lá na bhFíréan
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

Ag déanamh Omós d’ár Mairbh Muirneach
Mí na Samhna, Mí na Mairbh is na Naomha Uile agus beidhmid ag macnamh orthu siúd a d’imigh romhainn. Beidh aifreanntaí le searmanas na gcoinneal lasta dá cheiliuradh againn i séipéal
Cúil Aodha Dé Mairt 12ú Mí na Shamhna 7.30in
Baile Mhuirne Dé Ceadaoin 13ú Mí na Shamhna 7.30in
Ocáidí speisialta na searmainisí seo a thugann seans dúinn ár gclann is cáirde is comharsanna, atá imithe ar Shlí na Firinne le déanaí, nó le blianta fada, a thabhairt chun cuimhne le chéile mar phobal.


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Deotranaimí           6:2-6
Éist, a Iosrael: Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán

Duirt Maois leis an bpobal:
Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus  na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic. Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit I dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t-aon Tiarna.
Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán,
ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán.
Na briathra seo a ordaím duit inniu, bídís greanta ar do chroí.

Briathar an Tiarna     Buíochas le Dia.

Salm le Freagra                Sm 17
Freagra                                Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.

I. Mo ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú.
mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.                                                                       Freagra

2. Mo Dhia thú, mo charraig, is mo dhídean; mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.
Glaoim ar an Tiarna dar dleacht moladh agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.              Freagra

3. Go maire an Tiarna! Is é mo charraig é Go raibh Dia mo Shlánaitheoir á mhóradh.
Thug sé caithréimeanna dá Rí agus nocht sé a ghrá dá Ungthach.                                                Freagra

DARA LÉACHT                 

Sliocht as an Litir chuig na Eabhraig        7:23-28
Is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo.

A bhráithre, nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás. Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo. Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.

Ba é a leithéid sin d’ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas; sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a ph eacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d’ofráil sé é féin. Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ardsagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia.  

Alleluia Véarsa          Eo 6: 63, 68                                                                            
Alleluia, alleluia!

Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL               

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        12:28-34        Glóir duit, a Thiarna.

San am sin tháinig duine de na scríobhaithe chuig Íosa agus chuir sé ceist air:
Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?
D’fhreagair Íosa:
“Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán,
agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.’

Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’
Níl aithne eile is mó ná iadsan.

Dúirt an scríobhaí leis:
Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é. É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.

Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis:
“Ní fada thú ó ríocht Dé.”
Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196