Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Dara Domhnach Saor – Bliain C
(19/1/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Fáidh Ísáia 62:1-5
Mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.
Is ann a fheicfidh na ciníocha d’fhíréantacht agus na ríthe uile do ghlóir;
agus tabharfar ainm nua ort, ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.
Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna, i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.
Ní déarfaidh siad ‘Uaigneach’ leat feasta, ná ní ghairfear ‘Fásach’ do do dhúiche.
Ach is é ainm a bheidh ort féin ‘Bean mo rúin’ agus ‘an Céile’ a bheidh ar do dhúiche.
Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa;
agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 95
Freagra Fógragí éachtaí an Tiarna do na náisiúin uile.
1. Canaigí amhrán nua don Tiarna; Canaigí don Tiarna, a thalamh go léir.
Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm. Freagra
2. Fógraígí a shlánú ó lá go lá. insígí a ghlóir i measc na gciníocha
agus a éachtaí do na náisiúin uile. Freagra
3. Luaigí leis an Tiarna, a chlanna na gciníocha, luaigí leis an Tiarna clú agus cumhacht,
luaigí leis an Tiarna glóir a ainm. Freagra
4. Tugaigí adhradh don Tiarna ina theampall. Bí ar crith ina láthair, a thalamh.
Fógraígí do na ciníocha: ‘Tá an Tiarna ina Rí’ Tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na daoine. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 12:4-11
Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin
A bhráithre, tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; tá feidhmeannais difriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n-oibriú go léir in gach ceann riamh acu. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é.
Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus
faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.
Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus
duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad.
Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile.
Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.
Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gachm duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar. Déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Iocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 2:1-11 Glóir duit, a Thiarna.
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl
San am sin bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: “Níl aon fhíon acu.”
Dúirt Íosa léi:
“Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m’uairse tagtha fós.”
Dúirt a mháthair leis an lucht freastail:
“Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”
Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo:
“Líonaigí na soithí suas le huisce.”
Agus líon siad go béal iad.
Dúirt sé leo:
“Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”
Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis:
“Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád.
Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.”
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann. Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d’fhan siad ann beagán laethanta.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196