Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Tríú Domhnach den Cháisc
(23/4/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Máirt 9.30 rn
Dé hAoine 9.30rn
Dé Sathairn 6.30in
Domhnach 11.30rn
Cúil Aodha
Dé hAoine—10:30rn
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Sathairn—8.00in
Cill na Martra
Domhnach – 11:30rn
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine – 7.00in
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Joan Murphy, Doirín Álainn
Nora Nic Suibhne Gort na Scairte
Danny Healy, Baile Mhic Íre
Tadhgín , Síle agus Eibhlin Uí Riordáin, Cúil Aodha
Ellen Lehane, Na Cillíní.
Connie Lynch, Na hUlláin Thoir
Eileen McSweeney, Sliabh Riach
Jerry Crowley, An Muileann
Gobnait Kissane, Sliabh Riach
Matty agus Frances Twomey, Boston.
Mikey agus Betty Twomey, Sasana
Nora O Shea, Corcaigh,
Maura Kelly ( née Horgan) Sliabh Riach agus Baile an Chollaigh
Julia FitzGerald, Cluain Chaoin
Denis (Free) Lynch, Doire na Sagart
Danny & Nora O’ Sullivan, Gort na Tiobrad
Mary & Jerry Lynch, Na Cillíní
Paul Walsh, Cluanta Cárthaigh
Mary Twomey, Doire an Aonaigh
Paul Walsh, Cluainte Uí Chárthaigh
Eileen Murphy, Dúnmaonmhuí
Connie Horgan, Cúil a’Bhuacaigh
Paddy “Castle” Murphy, Cathair Céirín
Cornelius “Louth” O’Connell, Baile Uí Bhuaigh
Con Cullinane & Nora Cullinane, Áth an Chonnaigh
Mary Twomey, Doire an Aonaigh
Tom “Castle” Murphy, Cathair Céirín
Domhnal Ó Ríordáin, (Danny Dan Donailín) Cluanta Chárthaigh. Réidh na nDoirí
Eddie O Liatháin, Cluan Droichead agus Cill na Martra
Noreen O’ Driscoll, Cnoc Rua
Margaret O’ Riordan, Cnoc Rua
Paddy Mac Sweeney Gallaimh agus Tom Corcoran DAC
An Tríú Domhnach den Cháisc
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:14, 22-33
Níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é.
Lá Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:
“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí. Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d’fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
“Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.
Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.
Tá gliondar ar mo chroí dá chionn
agus tá meidhir ar mo theanga.
Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,
mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh
ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.
Thaispeáin tú dom bóthar na beatha
agus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh I riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 15
Freagra Taispeáin dúinn slí na beatha, a Thiarna.
Malairt freagra Alleluia
1. Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.
Deirim leis an Tiarna: ‘Is tú mo Dhia.
Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta,
agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh!’ Freagra
2. Beannaím an Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,
agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.
Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar me choíche. Freagra
3. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam,
agus mairfidh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin.
Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh,
ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil Freagra
4. Taispeáin tú slí na beatha dom,
agus iomlán lúcháire i d’fhianaise,
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 1:17-21
Óir is feasach sibh le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.
A clann ionúin, má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!
A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn; cuir ár gcroí ar Iasadh ionainn
Ie linn duit bheith ag labhairt linn.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 24:13-35
Thóg Íosa an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é.
An lá sin féin, bhí beirt de na deisceabail ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama.
Dúirt duine acu leis á fhreagairt – Cleopas ab ainm dó:
“An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?”
Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?”
Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa – Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”
Ansin dúirt sé féin leo:
“A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”
Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.
Nuair a bhí siad I ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.”
Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”
Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart