Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Ceathrú Domhnach den Cháisc
(30/4/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Dé Luain 1ú – 11.00rn (Ní bheidh aon adhradh ar an Luan)
Dé Máirt 2ra—9.30rn
Dé hAoine 5ú – 9.30rn
Sathairn 6ú—11.00rn (Faoistin tar éis Aifreann)
Sathairn—6.30in
Domhnach 7ú —11.30rn
Cúil Aodha
Dé hAoine 5ú —10.30rn
Domhnach7ú – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn 6ú —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt 2ra—10.30rn
Dé hAoine 5ú – 7.00in (Faoistin tar éis Aifreann)
Dé hAoine—Adhradh óna 6in—7in
Domhnach 7ú – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Dan Keane, Na Milíní, Cúil Aodha
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Connie Lynch, Na hUllain Thoir
Katy Uí Loinsigh, Na Cillíní, Baile Mhuirne.
Paddy agus Joan Uí Chríodain. Cúm na Cloiche
Michael agus Nóra Lucey, Cúm a’ Ghadhair
Paddy Kelleher, Na Ceapacha
John agus Ellen Uí Liatháin, Na Cillíní
Archdeacon Criostoir Ó Tuathaigh, An Muileann
Mary Ellen Twomey, Na Ceapacha,
Patrick Mac Sweeney (Paddy from Galway)
Jeremy Lynch, Baile an Chollaigh
Denis Hallahan Baile Nuis
Michael agus Anne O’Brien, Curra Liath
Máire Uí Uidhir, Claon Ráth
Dan agus Nóra McCarthy Cuil a Bhuachaigh
Eileen O’ Sullivan, Baile Bhuaigh
Dan and Nora Hoare, Claonráth
Margaret (Peggy) Dinneen, Baile Uí Bhuaigh/The Orchard MagCromtha.
John Sheehan, Áth an Chonnaigh
Nelly O’Callaghan, Cúil a’Bhuacaigh
Tim Hinchion agusMolly Murphy, Caol Fuinseann
Denny agus Mamie Lynch, An Ráth
John Leahy, Drom Réidh.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 2:14. 36-41
Rinne Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo.
Lá Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:
“Bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhseá ar chrois.”
Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”
Agus d’fhreagair Peadar iad:
“Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”
Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.” An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.
Briathar Dé. Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 22:1-6 , Rv.1.
Freagra Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Malairt Freagra Alleluia!
1. Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé i móinear féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé, mar a bhfaighim suaimhneas. Freagra
2. Seolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall chun só1ás a thabhairt dom. Freagra
3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde.
Ungann tú mo cheann le hola.;tá mo chupán ag cur thar maoil. Freagra
4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mégach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peader 2:20-25
Tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.
A clann ionúin, má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.
Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal. Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d’fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir. D’iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d’fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh. Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 14
Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 10:1-10
Mise doras na gcaorach.
Seo mar a deir an Tiarna:
“Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n-ainm, agus seolann amach iad. Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.”
Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo. Ansin dúirt Íosa leo arís:
“Amen, Amen, a deirim libh,
Mise doras na gcaorach.
Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe,
agus níor éist na caoirigh leo.
Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é.
Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.
Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu
agus go mbeadh sí acu go fial.
Soiscéal Dé. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig dúnta Dé Luain 1ú Bealtaine saoire bainc
Oifig dúnta Dé Máirt 2ra Bealtaine, ach aon ceist maidir le Aifreann a cur in airithe, fógraí don nuachtlite srl gloach nó text chuig Susan ar 085 878 3823.
Parish Office is closed on Monday and Tuesday this coming week, however any queries regarding masses or notices for the newsletter please call or text Susan on 085 878 3823 between 10-1 0n Tuesday 2nd May.
Achmhainne Gairmeacha i rith ne bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations
An bhliain do Ghairm sa Sagartachta sa Deoise 2023 –2024 ag tosnú ar Dhomhnach an Aoire Mhaith

Marymount Hospice
Beidh rith sean-gluaisteáin/tarracóir/ gluaisrothar I gcuimhne Nora Twomey ar Domhnach an 14ú Bealtaine. Costas €20. Clárú óna 10.30rn ag Cill na Martra CLG ag imeacht ag 12.30in. Airgead ag dul go Marymount Hospice.
Nora Twomey Memorial vintage car/ tractor/ motorbike run/walk will take place Sunday 14th of May.
Entry fee €20. Registration from 10.30 am in the Killnamartyra GAA Grounds leaving at 12.30pm. All proceeds going to Marymount Hospice.
Ionad Culturtha an Dr Ó Loinsigh.
Deardaoin 4/5/23
7:00 Taispeantas ‘Tacaíos’ Taispeantas Ealaíon le seanóirí an Cheantair.
8:00 Ar ócaid 250 bliain a bhás “Caoineadh Airt Uí Laoghaire” le Cor Ban Cuil Aodha
De hAoine 5/5/2023
8:00 “Continuing Traditions” Scannán nua le Dónal Ó Ceilleachair ar shaothar 40 bliain ag Peadar Ó Riada agus Wajahat Khan.
Winner – Best International Documentary at the Vindhya International Film Festival, India.
Winner – Best International Non-Fiction Feature Film at the Samskara International Film Festival, India.
Tuirín Dubh
‘Tuairín Dubh’ ceoldráma nua faoi Chogadh na Saoirse, ar stáitse sa halla i mBéal Átha’n Ghaorthaidh 11-13 & 18-20 Bealtaine.
A brand new bilingual musical based on real events during the War of Independence in Ballingeary and surrounding area. ‘Tuairín Dubh’ will be staged in the halla Ballingeary May 11-13 & 18-20. Tickets €20/15 available on eventbrite.ie. Full subtitles throughout. More info on Facebook ‘An Tuairín Dubh.’ Beidh fáilte romhaibh sa Tuairín Dubh!