Nuacht litir 24,25,26/12/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

An Nodhlaig
(24-26/12/2021)

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited /added to, up to Friday evening.


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne


24/12/2021 9:30r.n.
6:30i.n.
25/12/2021 11:30r.n.
26/12/2021 11:30r.n
Nil aifreann maidine i rith na seachaine arís go dtí:
Deardaoin 30/12/21 – 11:30,
Dé hAoine 31/12/21 – 9:30
Dé Sathairn 1/1/2022 – 11:00
6:30
Nollaig na mBan:
Dé Ceadaoin 5/1/2022 6:30
Deardaoin 6/1/2022 11:30
Aoine 7/1/2022 11:00
Dé Sathairn 8/1/2022 Níl Aifreann an maidin seo
Ó Mí Eanair ar aghaidh:
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30i.n
Domhnach 11:30r.n.
Cuil Aodha
24/12/2021 10:30r.n
9:00 i.n.
25/12/2021 10:00r.n.
26/12/2021 10:00r,.n.
Nil aifreann i rith na seachaine arís go Domhnach 2/1/2022


Deir an Athair Seán:   “Mo mhíle buíochas le cách a thugann cabhair inár séipéil. Len ár Friotháilibh Séipéal, ár Stiurthoirí Cór, Baill Cór, Léitheóirí, Ministéirí na hÚcaraiste, Glantóirí, Maisitheóiri Séipéal, Bailitheóirí agus Lucht Adhradh na hÚcairiste. Mo mhíle buíochas libh uile.”

To all who help in our churches.  To our sacristans, choir directors, choirs, cantors, readers, Ministers of the Eucharist, cleaners , collectors, those who decorate the churches, Eucharistic adorers


Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Pádraig Ó Fionnagáin, Doire na Sagart
Julia Nic Chárthaigh, Cúil Aodha
Caitlin & Donnacha Ó Laoire, Cnoc An Iùir, Baile Mhic Ìre
Patrick D. Ó Liatháin, Daingean na Saileach
Seán Mac Gearailt, Sléibhín Thoir, Maghchromtha
George Hennessy Cill Chiannaigh is Londain (Céile Joan Kelly Na Fuithrí)
Denny Murphy, Carriganima
Donal and Tadhg Twomey


Oiche Nollaig 24/12/2021

An Chéad Léacht:       Íseáia 9:1-7
Tugadh mac dúinn

An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,
chonaic siad solas mór;
agus ar mhuintir na tíre gruama
tá solas ag lonrú.
Chuir tú go mór lena n-áthas,
mheadaigh tú ar a lúcháir;
tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,
amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
Óir an chuing a bhí anuas orthu,
an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna,
déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.
Óir gach coisbheart catha,
agus gach fallaing a tumadh san fhuil,
tá siad loiscthe,
tá siad dóite le tine.

Óir rugadh leanbh dúinn,
tugadh mac dúinn;
tá an tiarnas ar a ghualainn,
agus is é ainm atá air:
“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,
“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.
Níl teorainn lena thiarnas
ná críoch lena shíocháin
ar chathaoir ríoga Dháiví
agus ar a ríogacht,
ag cur bun agus taca leo,
sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.
– Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 95
Freagra :                        Rugadh slánaitheoir duinn inniú: is e Críost an Tiarna é

I. Canaigí amhrán nua don Tiarna,
canaigí don Tiarna, a thalamh go léir.
Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm.    Freagra

2 Fógraígí a shlánu ó lá go lá.
Insígí a ghlóir i measc na gciníocha
agus a éachtaí do na náisiúin uile.                Freagra

3 Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh;
tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór;
bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann;
tógadh crainn uile na coille gártha áthais
i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht.            Freagra

4. Tá sé ag teacht a rialú na cruinne
chun an domhan a rialú go cothrom
agus fíorbhreith a thabhairt ar na daoine. Freagra

An Dara Léacht            Títas 2:11-14

Tá grásta Dé foilsithe don uile dhuine.

Tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Alleluia –                          Lc 2: 10-11
Alleluia, alleluia!
Tá dea-scéala agam daoibh:
rugadh slánaitheoir dúinn inniu:
is é Críost an Tiarna é.
Alleluia!

An Soiscéal                    Lúcás 2:1-14
Rugadh slánaitheoir daoibh inniu.

Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B’é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san óstan.

Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu – is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: “Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”

Soiscéal an Tiarna.     Moladh duit, a Chriost

Aifreann Lá Nollaig 25/12/2021

An Chéad Léacht:           Íseáia 52:7-10
Feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.

Nach álainn ar na sléibhte
cosa an té a bhfuil dea-scéala leis,
síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,
fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:

“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglóir,
ag liúireach le háthas in éineacht,
óir is léir dóibh lena súile cinn
an Tiarna ag filleadh ar Shíón.
Scairtigí amach le háthas,
a bhallóga Iarúsailéim!
mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,
tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.
Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa
os comhair súile na gciníocha go léir,
agus feicfidh críocha uile na talún
beart tarrthála ár nDé.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 97
Freagra                            Rugadh slánaitheoir duinn inniú: is e Críost an Tiarna é.

I. Canaigí amhrán nua don Tiarna
óir rinne sé éachtaí.
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa
rug sé bua dó fein.                                     Freagra

2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú.
Nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá
do theaghlach Isráél.                                Freagra

3. Chonaic críocha uile na cruinne
slanú ár nDé.
Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile,
agus nochtaigí bhur n-áthas dó.             Freagra

4. Canaigí sailm don Tiarna leis an gcruit
agus le fuaim na cláirsí
Tugaigí gartha le fuaim stoic is adhairce
don Tiarna ár rí.                                         Freagra

An Dara Léacht            hEabhraigh 1:1-6
Labhair Dia linn trína Mhac.

Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.

Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m’Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”? Agus arís
eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil
uile Dé roimhe.”

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

AIIeIula –                        Lc 2: 14
Alleluia, alleluia!Glóir do Dhia in uachtar neimhe.agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi.Alleluia!

An Soiscéal                  Eoin 1:1-18
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc.

Bhí an Briathar ann i dtús báire
agus bhí an Briathar in éineacht le Dia,
agus ba Dhia an Briathar.
Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.
Rinneadh an uile ní tríd
agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.
Is ann a bhí an bheatha
agus ba é solas na ndaoine an bheatha.
Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas,
ach níor ghabh an dorchadas é.

Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,
agus Eoin ab ainm dó.
Tháinig sé ag déanamh fianaise
chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais
chun go gcreidfeadh cách tríd.
Níorbh é féin an solas
ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.

An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir leis.
Ach an uile dhuine a ghlac leis,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonaiceamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.

Soiscéal an Tiarna.     Moladh duit, a Chriost

Dé Domhnaigh- Lá le Stiofán – An Teaghlach Naofa 26/12/21

CHÉAD LÉACHT

Sliocht as an céad Leabhar Shamúéil       1: 20-22, 24-28
Thug sí Samúéil don Tiarna lena shaol.  

Ghabh Hanna gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air,
toisc‘, ar sí “gur iarr mé ar an Tiarna é.”

An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna. Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear:
“Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.”

Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus
soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg. Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí. Dúirt sí
“A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna. Seo é an leanbh á bhí á iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d’iarr mé. Thug sí Samúéil don Tiarna lena shaol.”

D’fhag sí ansiúd ag an Tiarna é.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Salm le Freaga.       Sm 83:2-3, 5-6,9-10
Freagra :                  Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach, A Thiarna.

1. Nach álainn go dearfa d’áras,
a Thiarna na slua!
Ag meirtniú le méin do m’anam,
santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.
Gairdíonn mo chroí is mo cholainn,
i nDia – an Dia beo.                                                 Freagra

2. Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach;
beidh siad do do mholadh de shíor.
Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;
dream a mbíonn do shlite ina gcroí                    Freagra

3. A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;
tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah
Féach, a Dhia, ár sciath;
agus breathnaigh ar aghaidh d’ungthaigh féin. Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as céad Litir Naomh Eoin        3:1-2. 21-24
Glaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn.

Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia.  Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d’ordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Alleluia Versa

Alleluia, alleluia
A Thiarna,
oscail ár gcroí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag do Mhac.
Alleluia

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás      2:41-52         Glóir duit, a Thiarna.
Fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí

Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcomhair féile na Cásca. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d’fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg.

I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis:
A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d’athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
Agus dúirt sé leo:
“Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m’Athar nárbh fholáir dom bheith?”
Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo. Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

Soiscéal an Tiarna.     Moladh duit, a Chriost


Fógraí

Léitheoirí do shéipéal Bhaile Mhuirne

Tá liosta nua agus tráthchlár nua á chur le chéile, i láthair na huaire, i gcomhair Léitheoirí an pharóiste don bhliain 2022. Dá mbeadh suim  agat na léachtaí a dhéanamh ag Aifreann 11.30r.n. i mBaile Bhúirne, seol d’ainm go dtí an tAthair Seán ar 086 8212101 nó athsean@paroistebailemhuirne.ie led’ thoil. Ní bheadh ach uair gach dhá mhí nó mar sin i gceist.

Crann Cuimhneacháin na Nodhlag
Tá bosca ar an harmonium i séipéal Chúil Aodha chun na pictiúirí a bhailíú do éiinne gur mhaith leo daoine muinteratha leo do bheith crochta ar an Crann Cuimhneacháin i séipéal Chúil Aodha. Déanfar cóip den pictiúr agus crochfar é in am don Nodhlag. Iarrtar oraibh gan pictiúirí a chur ar an crann go direach sibh féin agus beidh tú ábalata do phictiur féin a bhailiú as an bosca ar an haronium taréis cúpla lá.
Memorial Christmas Tree
Those who wish to have their loved ones remembered on the memorial Christmas tree in are asked to place pictures of their departed relatives in the box provided near the harmonium in Seipeal Cuil Aodha.
Táispeáint na Naomh Shacraiminte
Ní bheidh taispeáint na NAomh Sacraiminte I séipéal Bhaile Mhuirne aon Luan go bhfuil aifreann sochraide sa tséipéal nó aon Luan Saoire Bainc. Beidh Taispeáinn na Naomh Sacariminte arís an an Luan an 10ú Eanair I 2022.
Exposition of the Blessed Sacrament
On Mondays when a funeral Mass will be celebrated in Ballyvourney Church There will be no Exposition of the Blessed Sacrament, likewise there will be no Exposition on Bank Holiday Mondays.
Exposition will resume on Monday 10th January 2022.
Cúpla Focal ón Athair Seán
Is mian liom buíochas ó chrói ag ghabháil le cách a bhí chiomh fial le ofráiltí Stáisiúin an Fhomhair agus arís le Ofráiltí na Miarbh le linn Mí na Samhna. Is iad na ofráiltí seo I dteannta ofráiltí Stáisiúin an Earraigh, na Nodhlag agus na Cásga a chuireann mo thurastal bliana le chéile. Caitear airigead iomlán bailiúcháin doras an tséipéil ar coimead na séipéil féin – teas, eibhléis, árachas agis cothabháil ghinearálta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil rialacha sláinte is sábhaltachta is dlí eile dá choimead i dtreo.
A word from Fr Sean.
I wish to thank most sincerely all those who have contributed so generously to the Autumn station collection and offerings for the departed throughout November. These offerings along with the Spring station and Christmas and Easter offerings are what provides my personal income for the year.
All church table collections go towards the upkeep of the churches including electricity, heating bills, insurance and general maintenance to ensure the parish is compliant with health and safety and other statutory requirements.

Coinnle ar son na Mairbh
Ós rud é go raibh an oiread san daoine ag cur a mbuíochas in iúil maidir leis an dá chrois coinnle ar son na Miarbh a bhís sad á séipéal, táim chun na coinmle seo do chur ar fail ar feadh tamailín eile ionas gir féidir le daoine iad a bhreith abhaile leo nó a chur ar uaigeanna na mairbh féin. Tá síntús €1 an aghaidh an coinnil chun an costas do chlúdach
Candles for the Faithful Departed
As so many parishioners have expressed their appreciation with regard to the Cross for the Holy Souls in each of the churches, I am making these candles available for the next few weeks for people to take home or place on the graves of loved ones; donations of €1.00 per candle are requested to cover the cost.

An Sacred Heart Messenger 2022
Má tá suim agat anMessenger a fháil don bhliain 2022, cuir glaoch ar Tessie Uí Aileasa 087 9642696 / 026 45418
Anyone interested in getting the Messenger ofr 2022, please contact Tessie Hallisey 087 9642696 / 026 45418 – you Local Promoter

Leave a Comment