Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
An Ceathrú Domhnach den Aidbhint
(12/12/2021)
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited /added to, up to Friday evening.
Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Ni bheidh aon Aifreann ag 11 rn ar siúl Dé Sathairn 18/12/21 i mBaile Bhuirne
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann an Domhnaigh seo i gCuil Aodha @10:00
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bási rith na seachtaine
Breandán Ó Ceallacháin. Baile Mhuirne.
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Siobhán (Párthalán) Ni Dhuinnín
Padraigh Twomey (Muintir Tadhg Pheig). Baile Atha Cliath
Pádraig Ó Cróinín, Béal Átha’n Ghaorthaidh
Bríd Uí Chonaill, Cill na Martra
Séamus & Síle Ui Laoire, Gort na gCross
Pats & Seán Finnegan, Doire na Sagart
Betty (Ní Thuama) & Alan Freer, Cúl na Cathrach
Joan McCarthy, Lománach
Jack Burke, Ráth Úna
Mattie Ó hÉalaithe, Cúil a’ Bhuachaigh
Diarmuid Matt Twomey, Flatts, Baile Mhic Íre
Patrick D & Mary T Lehane, Daingean na Saileach
Johnny & Kathleen Horgan, Árdán Ghobnatan
Lyle de Gordún, Barr d’Ínse
Con Lyons An Chúil Iarthach.
Séan Ó Caochluí, Ínse Geimhleach
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Fáidh Míocí 5:1-4
Is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael.
Seo mar a deir an Tiarna:
Tusa, a Bheithil Eafrátá
bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá
is asatsa a thiocfaidh chugam
an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,
an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar
go dtí an t-am fadó.Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad
go dtí go mbéarfar mac di siúd,
a bhfuil tinneas clainne uirthi,
ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad
trí chumhacht an Tiarna
agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.Mairfidh siad go slán sábháilte
mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.
Beidh sé féin ina údar síochána.Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 79
Freagra Cuir ar ais sinn, a Dhia.
Taispeáin dúinn d’aghaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.
1. Éist linn, a aoire Isráél.
Túsa atá i do shuí ar na Ceiribíni, soilsigh amach.
Corraigh do chumhacht, a Thiarna,
agus tar chugainn dár sábháil. Freagra
2. Cas ar ais, a Dhia na Slua.
Breathnaigh anuas ó neamh agus féach.
Tabhair cuairt ar an bhfíniúin a chuir tú féin.
Caomhnaigh an stoc a phlandaigh do dheaslámh féin.Freagra
3.Go raibh do lámh ar an bhfear a roghnaigh tú,
ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
Ní thréigfimid thú go brách ansin:
tabhair dúinn an bheatha agus mórfaimid d’ainm. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir chuig na hEabhraig 10:5-10
Táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh.
A bhráithre, deir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:
“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;
ach d’ullmhaigh tú corp dom.
Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna hofrálacha
a dhéantaí ar son peacaí.
Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia
chun do thoil a dhéanamh,’
faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”
Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí.
Ansin dúirt sé:
“Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.”
Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d’fhonn an dara ceann a bhunú. Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an taon uair amháin ar fad.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Lc 1:38
Alleluia, alleluia!
Féach mise banóglach an Tiarna: déantar liom de réir d’fhocail.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh LúcásLúcás 1:39-45 Glóir duit, a Thiarna.
Conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?
Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d’Eilís . Agus tharla, nuair a chuala Eilís beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eilís den Spiorad Naomh, agus gháir sí de ghlór ard agus dúirt:
“Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Léitheoirí do shéipéal Bhaile Mhuirne
Tá liosta nua agus tráthchlár nua á chur le chéile, i láthair na huaire, i gcomhair Léitheoirí an pharóiste don bhliain 2022. Dá mbeadh suim agat na léachtaí a dhéanamh ag Aifreann 11.30r.n. i mBaile Bhúirne, seol d’ainm go dtí an tAthair Seán ar 086 8212101 nó athsean@paroistebailemhuirne.ie led’ thoil. Ní bheadh ach uair gach dhá mhí nó mar sin i gceist.
Crann Cuimhneacháin na Nodhlag
Tá bosca ar an harmonium i séipéal Chúil Aodha chun na pictiúirí a bhailíú do éiinne gur mhaith leo daoine muinteratha leo do bheith crochta ar an Crann Cuimhneacháin i séipéal Chúil Aodha. Déanfar cóip den pictiúr agus crochfar é in am don Nodhlag. Iarrtar oraibh gan pictiúirí a chur ar an crann go direach sibh féin agus beidh tú ábalata do phictiur féin a bhailiú as an bosca ar an haronium taréis cúpla lá.
Memorial Christmas Tree
Those who wish to have their loved ones remembered on the memorial Christmas tree in are asked to place pictures of their departed relatives in the box provided near the harmonium in Seipeal Cuil Aodha.
Táispeáint na Naomh Shacraiminte
Ní bheidh taispeáint na NAomh Sacraiminte I séipéal Bhaile Mhuirne aon Luan go bhfuil aifreann sochraide sa tséipéal nó aon Luan Saoire Bainc. Beidh Taispeáinn na Naomh Sacariminte don uair dheirineach I 2021 ar an Luan 20ú Nodhlaig agus tosnófar arís an an Luan an 10ú Eanair I 2022.
Exposition of the Blessed Sacrament
On Mondays when a funeral Mass will be celebrated in Ballyvourney Church There will be no Exposition of the Blessed Sacrament, likewise there will be no Exposition on Bank Holiday Mondays.
The last Exposition of the Blessed Sacrament in 2021 will take place on Monday 20th December. Exposition will resume on Monday 10th January 2022.
Cúpla Focal ón Athair Seán
Is mian liom buíochas ó chrói ag ghabháil le cách a bhí chiomh fial le ofráiltí Stáisiúin an Fhomhair agus arís le Ofráiltí na Miarbh le linn Mí na Samhna. Is iad na ofráiltí seo I dteannta ofráiltí Stáisiúin an Earraigh, na Nodhlag agus na Cásga a chuireann mo thurastal bliana le chéile. Caitear airigead iomlán bailiúcháin doras an tséipéil ar coimead na séipéil féin – teas, eibhléis, árachas agis cothabháil ghinearálta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil rialacha sláinte is sábhaltachta is dlí eile dá choimead i dtreo.
A word from Fr Sean.
I wish to thank most sincerely all those who have contributed so generously to the Autumn station collection and offerings for the departed throughout November. These offerings along with the Spring station and Christmas and Easter offerings are what provides my personal income for the year.
All church table collections go towards the upkeep of the churches including electricity, heating bills, insurance and general maintenance to ensure the parish is compliant with health and safety and other statutory requirements.
Coinnle ar son na Mairbh
Ós rud é go raibh an oiread san daoine ag cur a mbuíochas in iúil maidir leis an dá chrois coinnle ar son na Miarbh a bhís sad á séipéal, táim chun na coinmle seo do chur ar fail ar feadh tamailín eile ionas gir féidir le daoine iad a bhreith abhaile leo nó a chur ar uaigeanna na mairbh féin. Tá síntús €1 an aghaidh an coinnil chun an costas do chlúdach
Candles for the Faithful Departed
As so many parishioners have expressed their appreciation with regard to the Cross for the Holy Souls in each of the churches, I am making these candles available for the next few weeks for people to take home or place on the graves of loved ones; donations of €1.00 per candle are requested to cover the cost.
Cártaí Nollag ó Loch Deirg Naofa
Tá an siopa in’ Ionad Oilthireachta Loch Deirg ag díol Cártaí Nollag agus tá an eolas thíos faoi.
Lough Derg online shop offers unique Christmas Cards, featuring scenes of the Island from across the centuries and bespoke Gifts including a limited edition Lough Derg Christmas Candle. Christmas Mass Bouquet Cards are also available – Fr La, Prior, will offer a triduum of Masses beginning on Christmas Eve for all those who are enrolled. Visit www.loughderg.live/shop Telephone 0(0353) 71 9861518 Delivery nationwide and Click & Collect Service available.
” TEXT ALERTS “.
Iarrtar ar dhaoine le suim acu text alerts a athnuachan don athbhliain ( ’22/ ’23 ) €10 (le d’ainm agus uimhir teangmhála) a sheoladh isteach chuig an Ionad Lae, Baile Bhúirne roimh 8ú Eanair 2022.
Text Alert system. People who are interested in renewing their TEXT ALERT (’22/’23) pls send €10 (with your name and contact no to the Ionad Lae, Baile Bhúirne before 8/1/2022
An Sacred Heart Messenger 2022
Má tá suim agat anMessenger a fháil don bhliain 2022, cuir glaoch ar Tessie Uí Aileasa 087 9642696 / 026 45418
Anyone interested in getting the Messenger ofr 2022, please contact Tessie Hallisey 087 9642696 / 026 45418 – you Local Promoter

