Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
An Tríú Domhnach den Aidbhint
(12/12/2021)
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited /added to, up to Friday evening.
Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish
Baile Mhuirne
Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Ni bheidh aon Aifreann ag 11 rn ar siúl Dé Sathairn 18/12/21 i mBaile Bhuirne
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann an Domhnaigh seo i gCuil Aodha @10:00
Ionduchtú an Ath Seán Mac Cárthaigh mar Shagart Paróiste
Induction of Fr John McCarthy as Parish Priest
Táimíd ag ceiliuradh, mar phobal, ionduchtú an Athair Seán Mac Cárthaigh mar Shagart Paróiste Bhaile Mhuirne ar an Domhnach 12ú Nollaig ag aifreann 11:30.
Is é an Athair Dónal Roberts MhagCromtha a heidh i bhfeidhil na hócáide, ar son Easbog Cluana, Liam Crean.
Gabhaimíd buíochas le Dia as ucht ceapucháin an Ath. Seán agus guimíd rath, séan is sonas torthúil is blianta fada ar a chuid saothar i bParóiste Chúil Aodha/Baile Mhuirne.
Deantar comhgháideachas ó chroí leis an Ath Seán is a chlann uile ar an ócáid iontach seo.
As a parish community we celebrate the induction ceremony of Fr John McCarthy
as Parish Priest of Ballyvourney Parish on Sunday 12th December at 11.30 am Mass in the Parish Church
The induction ceremony will be presided over by Fr Donal Roberts PP Macroom
on behalf of Bishop William Crean, Bishop of Cloyne.
We thank God for Fr John’s appointment and wish him many happy and fruitful years of ministry in Ballyvourney and Cuil Aodha
We offer Fr John and his family our sincere congratulations on this very momentous occasion.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Damian Ó Duinnín. Doire an Chuilinn
Mary Lynch. An tSráid, Baile Mhic Íre
Breda O Connell Cill na martra
Treasa Ní Mhuimhneacháin Gort na Scairte
Padraig & Síle Uí Liathain Cathair, Beal Atha An Ghaoraidh
Joan (Eugene) Mac Cárthaigh. Cúil Aodha agus Cill Garbháin
John Hoare Claon Ráth
Dónal Ó Liatháin. Cuil Aodha
Concubhar (Neilus) & Cáit Bn.Uí Liatháin, Cúil Aodha,
Jimmy Byrne, Goresbridge, Co. Chill Choinnigh
Muintir Ui Uidhir, Carraigín. Sliabh Riabhach
Úna Ní Fhinneadha, Lochán Beag, Indreabhán
Kate Hyde, Cill Gharbháin
Pádraig Ó Tuama (BAC agus Cill Gharbháin)
Breeda McGrath The Lough, Corcaigh
Danny & Peggy Kelleher, Gortlahard, Kilgarvan
Jack, Eilí agus Diarmuid Ó Buachalla Barr d’Ínse
Doncha Lear Ó Duinnín Na Milíní
John Hoare Cools, Cill na Martra
Eileen Ui Mhurachú, (Ni Laocha), An Chaolchoill & Ré na nDoirí.
John O’Connell, Cill Bhriotáin
Mickie Corcoran, Droichead na Bandan
Domnach Gaudete (bígí lúcháireach)
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Fáidh Sófania: 3:14-18
Tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
“Déan gairdeas, a iníon Shíón;
tóg gártha áthais, a Iosrael;
bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,
a iníon Iarúsailéim.
Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas
a bhí ag bagairt ort a thógáil díot
agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.
Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár
agus ní healaí duit
eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
An lá sin déarfar le Iarúsailéim:
‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;
ná lagtar do lámha!
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár
mar laoch caithréimeach;
déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.
Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;
tógfaidh sé gártha áthais ar do shon
faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Is 12:2-5 fr6 Is 12:2-6
Freagra Gáirigí le háthas agus liúirigí óir
is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”
1. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaithe é,
tá muinín agam agus níl mé eaglach níos mó,
óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol,
is é mo shlánu é!
agus tarraingeoidh sibh uisce go lúcháireach
as toibreacha an tslánaithe. Freagra
2. Túgaigí buíochas don Tiarna,
glaoigí air ina ainm!
Fógrágí a éachtaí don phobal,
meabhraígí gurb oirirc dá ainm. Freagra
3. Canaigí an Tiarna, óir tá iontais déanta aige!
foilsítear iad ar fud an domhain chláir.
Gáirigí le háthas agus le lúcháir,
a mhuintir Síón!
óir is mór é i do lár
Neach Naofa Isráél. Freagra
DARA LÉACHT
Litir Niamh Pól cuig na chuig na Filipigh 4:4-7
Ní fada uainn an Tiarna.

A bhráithre, bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag cosaint bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Is 61:1
Allelluia Alleluia
Tá Spiorad an Tiarna orm. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil dona bochtáin.
Allelluia Alleluia
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 3:10-18
Cad tá le déanamh againn ?
San am sin bhí na sluaite ag fiafraí d’Eoin:
“Cad tá le déanamh againn, más ea?”
Dúirt sé leo á bhfreagairt:
“An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”
Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis:
“A mháistir, cad tá le déanamh againne?”
Dúirt sé leo:
“Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”
D’fhiafraigh saighdiúirí de, freisin:
“Agus cad tá le déanamh againne?”
Agus dúirt sé leo:
“Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile:
“Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a
cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Crann Cuimhneacháin na Nodhlag
Tá bosca ar an harmonium i séipéal Chúil Aodha chun na pictiúirí a bhailíú do éiinne gur mhaith leo daoine muinteratha leo do bheith crochta ar an Crann Cuimhneacháin i séipéal Chúil Aodha. Déanfar cóip den pictiúr agus crochfar é in am don Nodhlag. Iarrtar oraibh gan pictiúirí a chur ar an crann go direach sibh féin agus beidh tú ábalata do phictiur féin a bhailiú as an bosca ar an haronium taréis cúpla lá.
Memorial Christmas Tree
Those who wish to have their loved ones remembered on the memorial Christmas tree in are asked to place pictures of their departed relatives in the box provided near the harmonium in Seipeal Cuil Aodha.
Táispeáint na Naomh Shacraiminte
Ní bheidh taispeáint na NAomh Sacraiminte I séipéal Bhaile Mhuirne aon Luan go bhfuil aifreann sochraide sa tséipéal nó aon Luan Saoire Bainc. Beidh Taispeáinn na Naomh Sacariminte don uair dheirineach I 2021 ar an Luan 20ú Nodhlaig agus tosnófar arís an an Luan an 10ú Eanair I 2022.
Exposition of the Blessed Sacrament
On Mondays when a funeral Mass will be celebrated in Ballyvourney Church There will be no Exposition of the Blessed Sacrament, likewise there will be no Exposition on Bank Holiday Mondays.
The last Exposition of the Blessed Sacrament in 2021 will take place on Monday 20th December. Exposition will resume on Monday 10th January 2022.
Cúpla Focal ón Athair Seán
Is mian liom buíochas ó chrói ag ghabháil le cách a bhí chiomh fial le ofráiltí Stáisiúin an Fhomhair agus arís le Ofráiltí na Miarbh le linn Mí na Samhna. Is iad na ofráiltí seo I dteannta ofráiltí Stáisiúin an Earraigh, na Nodhlag agus na Cásga a chuireann mo thurastal bliana le chéile. Caitear airigead iomlán bailiúcháin doras an tséipéil ar coimead na séipéil féin – teas, eibhléis, árachas agis cothabháil ghinearálta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil rialacha sláinte is sábhaltachta is dlí eile dá choimead i dtreo.
A word from Fr Sean.
I wish to thank most sincerely all those who have contributed so generously to the Autumn station collection and offerings for the departed throughout November. These offerings along with the Spring station and Christmas and Easter offerings are what provides my personal income for the year.
All church table collections go towards the upkeep of the churches including electricity, heating bills, insurance and general maintenance to ensure the parish is compliant with health and safety and other statutory requirements.
Coinnle ar son na Mairbh
Ós rud é go raibh an oiread san daoine ag cur a mbuíochas in iúil maidir leis an dá chrois coinnle ar son na Miarbh a bhís sad á séipéal, táim chun na coinmle seo do chur ar fail ar feadh tamailín eile ionas gir féidir le daoine iad a bhreith abhaile leo nó a chur ar uaigeanna na mairbh féin. Tá síntús €1 an aghaidh an coinnil chun an costas do chlúdach
Candles for the Faithful Departed
As so many parishioners have expressed their appreciation with regard to the Cross for the Holy Souls in each of the churches, I am making these candles available for the next few weeks for people to take home or place on the graves of loved ones; donations of €1.00 per candle are requested to cover the cost.
Cártaí Nollag ó Loch Deirg Naofa
Tá an siopa in’ Ionad Oilthireachta Loch Deirg ag díol Cártaí Nollag agus tá an eolas thíos faoi.
Lough Derg online shop offers unique Christmas Cards, featuring scenes of the Island from across the centuries and bespoke Gifts including a limited edition Lough Derg Christmas Candle. Christmas Mass Bouquet Cards are also available – Fr La, Prior, will offer a triduum of Masses beginning on Christmas Eve for all those who are enrolled. Visit www.loughderg.live/shop Telephone 0(0353) 71 9861518 Delivery nationwide and Click & Collect Service available.
” TEXT ALERTS “.
Iarrtar ar dhaoine le suim acu text alerts a athnuachan don athbhliain ( ’22/ ’23 ) €10 (le d’ainm agus uimhir teangmhála) a sheoladh isteach chuig an Ionad Lae, Baile Bhúirne roimh 8ú Eanair 2022.
Text Alert system. People who are interested in renewing their TEXT ALERT (’22/’23) pls send €10 (with your name and contact no to the Ionad Lae, Baile Bhúirne before 8/1/2022
An Sacred Heart Messenger 2022
Má tá suim agat anMessenger a fháil don bhliain 2022, cuir glaoch ar Tessie Uí Aileasa 087 9642696 / 026 45418
Anyone interested in getting the Messenger ofr 2022, please contact Tessie Hallisey 087 9642696 / 026 45418 – you Local Promoter