Nuacht litir 5/12/2021

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

An Dara Domhnach den Aidbhint
(5/12/2021)

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited up to Friday evening.


Gnáth Aifrinntí sa Pharóiste / Regular Mass in the Parish

Féach Nuachtlitir míosúil do laetheanta speisialta as seo go Nodhlaig

See monthly newsletter to see arrangements from now to December

Baile Mhuirne
      

Luan, Máirt, Deardaoin agus Aoine (Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Satharn 6:30
Domhnach 11:30
Cuil Aodha
Máirt agus Aoine (Tuesday & Friday) @ 10:30
Aifreann an Domhnaigh seo i gCuil Aodha @10:00

Beidh aifreann an Domhnach 5/12/21 ar 11:00 do RnaG agus Éigse Dhiarmuidín


IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

 

 

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Damian Ó Duinnín Cúil Aodha Theas
Jer agus Noiní Corkery Túnlán
Péig agus Dan Uí Luasa, Carraigín na Caráiste
Máire Ní Laoghaire, Doire n’ Chuilinn
Mary Lynch, Baile Mhic Íre
Denis J Lynch, Na hUlláin
Máire Twomey, Cúl na Catharach & Leicester
Mary McCarthy, Seana Chluain
Kevin McNamara, Fortane, Tullach, Co an Cláir.
Johnny Perrill, Barefield, Inis Co an Cláir
Gina Gillespie Ratoath, Co na Midhe
Donal agus Tadhg Twomey
Úna Ní Fhinneadha, Lochán Beag, Indreabhán
Finbarr Collins, Patrick Cremin agus Shane Murphy
Danny agus Judy Lucey Cnoic an Iúir, Baile Mhic Íre


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Fáidh Barúch      5:1-9
Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthacht do gach náisiún faoin spéir.

Bain díot, a Iarúsailéim,
do róba dobróin agus ainnise
agus bíodh niamhracht ghlóir Dé
á caitheamh agat go brách.
Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachta
a thagann ó Dhia;
cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí.
lion of JudahÓir taispeánfaidh Dia do bhreáthacht
do gach náisiún faoin spéir.
Is é an t-ainm a thabharfaidh Dia ort feasta:

An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht,
An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht.
Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na harda
agus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlann
agus iad bailithe le chéile aniar agus anoir,
ar ordú an Neach Naofa
agus iad ag déanamh lúcháire
de bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu.
Óir, d’imigh siad amach uait de shiúl a gcos
agus iad á dtiomáint ag a naimhde.
Ach tá Dia á dtabhairt ar ais chugat
agus iad á n-iompar go glórmhar
mar fhlatha ríoga.

Mar tá Dia tar éis ordú a thabhairt
go n-ísleofaí gach cnoc ard agus na sléibhte síoraí,
agus go líonfaí isteach na gleannta, ina machaire réidh,
chun go bhféadfadh Iosrael siúl go sábháilte slán faoi ghlóir Dé.
Tabharfaidh na coillte agus gach crann cumhra
scáth d’Iosrael ar ordú Dé.
Óir treoróidh Dia Iosrael go lúcháireachagus leis an trócaire agus leis an ionracas is dual dó.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia.

Salm le Freagra                 Sm 125
Freagra                               Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.

1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile
ba chosúil  le  brionglóid é.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire,
agus ár dteanga le gairdeas.                Freagra

2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha:
‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn:
táimid go lúcháireach.                          Freagra

3. Saoraigh sinn, a Thiarna, ón ár bpriosúin,
ar nós sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora,
bainfidh siad an fómhar le gairdeas.   Freagra

4. Ag imeacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor,
agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teachtar aís dóibh tiocfaidh siad le gairdeas,
agus a bpunanna á n-iompar acu.       Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Filipighi:      3-6. 8-11
Go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost.

A bhráithre, gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach, mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu. The starAgus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost. Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.

Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin. Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana, sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                     Lc 3:4, 6

Alleluia, alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna, déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.             Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás       3:1-6        Glóir duit, a Thiarna.
Feicfidh an uile cholainn slánú Dé.      


S
a chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach. Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, mar atá scríofa i leabhar asÍseáia fáidh:

John the B 2“Glór duine ag éamh san fhásach:
‘ Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chosáin.
Líonfar gach cumar,
agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;
déanfar na camshlite díreach
agus na bóithre anacra réidh,
agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’”

Soiscéal an TiarnaMoladh duit, a Chriost


Fógraí

Crann Cuimhneacháin na Nodhlag
Tá bosca ar an harmonium i séipéal Chúil Aodha chun na pictiúirí a bhailíú do éiinne gur mhaith leo daoine muinteratha leo do bheith crochta ar an Crann Cuimhneacháin i séipéal Chúil Aodha. Déanfar cóip den pictiúr agus crochfar é in am don Nodhlag. Iarrtar oraibh gan pictiúirí a chur ar an crann go direach sibh féin agus beidh tú ábalata do phictiur féin a bhailiú as an bosca ar an haronium taréis cúpla lá.
Memorial Christmas Tree
Those who wish to have their loved ones remembered on the memorial Christmas tree in are asked to place pictures of their departed relatives in the box provided near the harmonium in Seipeal Cuil Aodha.
Táispeáint na Naomh Shacraiminte
Ní bheidh taispeáint na NAomh Sacraiminte I séipéal Bhaile Mhuirne aon Luan go bhfuil aifreann sochraide sa tséipéal nó aon Luan Saoire Bainc. Beidh Taispeáinn na Naomh Sacariminte don uair dheirineach I 2021 ar an Luan 20ú Nodhlaig agus tosnófar arís an an Luan an 10ú Eanair I 2022.
Exposition of the Blessed Sacrament
On Mondays when a funeral Mass will be celebrated in Ballyvourney Church There will be no Exposition of the Blessed Sacrament, likewise there will be no Exposition on Bank Holiday Mondays.
The last Exposition of the Blessed Sacrament in 2021 will take place on Monday 20th December. Exposition will resume on Monday 10th January 2022.
Cúpla Focal ón Athair Seán
Is mian liom buíochas ó chrói ag ghabháil le cách a bhí chiomh fial le ofráiltí Stáisiúin an Fhomhair agus arís le Ofráiltí na Miarbh le linn Mí na Samhna. Is iad na ofráiltí seo I dteannta ofráiltí Stáisiúin an Earraigh, na Nodhlag agus na Cásga a chuireann mo thurastal bliana le chéile. Caitear airigead iomlán bailiúcháin doras an tséipéil ar coimead na séipéil féin – teas, eibhléis, árachas agis cothabháil ghinearálta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil rialacha sláinte is sábhaltachta is dlí eile dá choimead i dtreo.
A word from Fr Sean.
I wish to thank most sincerely all those who have contributed so generously to the Autumn station collection and offerings for the departed throughout November. These offerings along with the Spring station and Christmas and Easter offerings are what provides my personal income for the year.
All church table collections go towards the upkeep of the churches including electricity, heating bills, insurance and general maintenance to ensure the parish is compliant with health and safety and other statutory requirements.

Coinnle ar son na Mairbh
Ós rud é go raibh an oiread san daoine ag cur a mbuíochas in iúil maidir leis an dá chrois coinnle ar son na Miarbh a bhís sad á séipéal, táim chun na coinmle seo do chur ar fail ar feadh tamailín eile ionas gir féidir le daoine iad a bhreith abhaile leo nó a chur ar uaigeanna na mairbh féin. Tá síntús €1 an aghaidh an coinnil chun an costas do chlúdach
Candles for the Faithful Departed
As so many parishioners have expressed their appreciation with regard to the Cross for the Holy Souls in each of the churches, I am making these candles available for the next few weeks for people to take home or place on the graves of loved ones; donations of €1.00 per candle are requested to cover the cost.

Éigse Dhiarmuidín

https://www.eigse.ie/

Maragadh na Nollag.   In Árus Éamon Mac Suibhne 10;00 – 1:00 De Domhnaigh 5/12/2021
Togha gach féirín is bia áitiúil
Local Christmas Market
Scéim Amhránnaíochta Aislinn Gheal
Ní bheidh amhránathon i mbliana sa Mhuileann toisc Covid.
Beidh bailiúcháin ag gach séipéal sa cheantar ar 5/12/2021 chun cabhrú le díol as a scéim seo i scoilleana na duichí.
There will be no Amhránathón this year due to Covid.  There will be a ChurchGate Colletion on  5/12/2021 to raise funds and help pay for the free scheme teaching singing in all the schools of Múscraí.
Bígí fial i mbliana más é bhúr dtoil é.
Acadamh Fódhla ag Nóchta leac do Erskine Childers.
Nóchtfar Leac ag comoradh erskine Childers i Reidh na nDoirí De Dommhnaigh 5/12/2021 @1:30.
Beidh Cathal Mac Suibhne Brugha dá dhéanamh seo thar cheann Muintir Childers.
Beidh sé ar thaobh an bhóthair ar an dtaobh shoir den gCrois i Réidh na nDoirí.
Tá sé ag marcáil an ionad mar a raibh sé ag foilsiú ar son na bPoblachtánach gur gabhadh é is cuireadh chun báis. Athair an Uachtarán Childers a bhí ann ag bhí leithéidí Frank O Connor ag cabhrú leis is iad faoi chosaint mhuintir na háite.
Cártaí Nollag ó Loch Deirg Naofa
Tá an siopa in’ Ionad Oilthireachta Loch Deirg ag díol Cártaí Nollag agus tá an eolas thíos faoi.
Lough Derg online shop offers unique Christmas Cards, featuring scenes of the Island from across the centuries and bespoke Gifts including a limited edition Lough Derg Christmas Candle.  Christmas Mass Bouquet Cards are also available  – Fr La, Prior, will offer a triduum of Masses beginning on Christmas Eve for all those who are enrolled.   Visit www.loughderg.live/shop Telephone 0(0353) 71 9861518 Delivery nationwide and Click & Collect Service available.

 ” TEXT  ALERTS “.
Iarrtar ar dhaoine le suim acu text alerts a athnuachan don  athbhliain ( ’22/ ’23 )  €10 (le  d’ainm  agus uimhir teangmhála) a sheoladh  isteach chuig an Ionad Lae, Baile Bhúirne roimh 8ú Eanair  2022.
Text Alert system. People who are interested in renewing their TEXT ALERT (’22/’23) pls send €10 (with your name and contact no to the Ionad Lae, Baile Bhúirne before 8/1/2022

 

Leave a Comment