Nuacht Litir 19/2/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Seachtú Domhnach Saor (A)

(19/2/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Baile Mhúirne
Sathairn —6.30in
Domhnach – 11.30rn
Aifreanntí i rith na seachtaine
Dé Luain —11:00, Dé Máirt 9:30 rn; Dé Sathairn 11:00 rn
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00 rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – 8:00in
Cill na Martra

An Domhnach – 11:30rn

Dé hAoine 10ú—8.00in


Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
John Matt Ó Tuama, Cúm Uí Chlumháin
Síle Uí Chaochluí Ínse Geimhleach
Joan Lynch, Cill na Martra
Christy (Danjoe) Lynch Doire na Sagart agus Ceanada
Máire Ní Loinsigh Cúil Aodha
Matthew Matt Ó Tuama. Cúm Uí Chlúmháin agus Seana Chluain
Michael J. Ó Tuama. Na Ceapacha.
John Pat agus Margaret Ó Tuama Na Ceapacha
Brian Brennan, Canada,
Tony O Riordan, Cúil a Chraosaigh, Lios an Chraosaigh,
Joan Carroll, Mainistir na Corann & Cill na Martra
Danny Hyde, Cúm na Cloiche
Margaret Uí Mhuirithe, Bóthar Naomh Abán
Hannah Uí Mhurchú, Baile Mhic Íre
Hannah Uí Thuama, TúnLán
Denis & Kathleen McSweeney, Iomaire, Machromtha
Nonie Uí Shíocháin, Ínse Mhór agus Cill Áirne
Finbarr Ó Críodáin, Cúil Iarthair
Denis & Nellie Uí Bhuachalla, Cúil Iarthair
Jerry Hegarty, Home Farm, Baile Mhuirne
Máire Uí Lordáin (Ní Shuibhne), Cúil a’ Bhuacaigh agus Dúnmaonmhuí


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Léivíticeas        19:1-2. 17-18
Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin.

Word of God 2Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
“Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo: Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa

“Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin. Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 102
Freagra                         Is grámhar trócaireach é an Tiarna.

I. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
agus dá déan dearmad dá thíolaicí go leir.          Freagra

2. Eiséan a mhaitheann do chionta go léir,
a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha ón mbás,
a chorónaíonn thú le grá is le trua.                        Freagra

3. Is grámhar trócaireach é an Tiarna,
foighneach agus lán de cheansacht.
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn:
ní de réir ár gcionta a chúítíonn sé sinn.              Freagra 

4.  Ní faide an t-oirthear ón iarthar
ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
Amhail is trua leis an athair a chlann
is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.                 Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na gCoirintigh         3:16-23
Is libhse iad uile, agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost
.

A
bhráithre, nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus Gods templego bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé – agus is sibhse an teampall sin. Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.

Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.” Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t-iomlán: Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht – is libhse iad uile, agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa           Eo 14: 23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.

Alleluia!

SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       5:38-48
Bíodh grá agat do do namhaid.

GODS LOVESan am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’
Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin; agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith. An té a chuireann d’fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle. An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl.

“Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’
Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe.

Soiscéal an Tiarna.              Moladh duit, a Chriost


Fógraí

Aifreann Bliantúil Deoise Cluain Umhna

Beidh an tAifreann Bliantúil do Lá Breoiteacht Domhanda 2023 & Lá Fhéile ár Mhuire Lourdes ar siúl Dé hAoine 10ú Feabhra i Séipléal Naomh Pádraig Mainistir Fhear Mhaí ag 7.30.

Annual Cloyne mass celebrating the World Day of the Sick & the Feast Day of Our Lady of Lourdes will take place Friday 10th February at 7.30pm in St. Patrick’s Church Fermoy.

Comhlairle Tréadach Paróiste/Parish Pastoral Council

A Chairde,

Tá sé I gceist agam Comhlairle Tréadach Paróiste a cur le chéile. Tá breis is triocha Comhlairle Tréadach I bhfeidhim sa deoise Cluain Umhna a thugann aire do na cúramaí lucht an paróiste, is cinnte gur cabhair maith é an comhlairle leis an Sagairt Paróiste chomh maith. ( Tá Comhlairle Tréadach Paróiste I bhfeidhim cheana féin I gCill na Martra.)

Tá an that. John Ryan ag tabhairt cur I láthair seisiún eolais ar an Comhlairle Tréadach Paróiste in Ostán Ghobnatan óna 11.00rn — 1.00in ar Dé Sathairn an 25ú Feabhra.

Má tá suim agat sa seisiún eolais den teangmháil le Oifig an Paróiste.

Dear parishioners

I am hoping to set up a Parish Pastoral Council in the near future. Over 30 parishes if the diocese of Cloyne have a council of lay people to attend to the needs of parishioners and have been proven to be a great help in collaboration with the Parish Priest. (The parishes of Cill na Marta already have Pastoral Councils in place.)

To that end Fr John Ryan CC Midleton is giving a presentation on the topic of the purpose of the Pasto- ral Council at the Abbey Hotel from 11am to 1 pm on Saturday the 25th of February.

Please inform the parish office if you would like to attend so that we can gauge numbers in attendance.

Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc Mhuire/ Annual Cloyne Diocease Pilgrimage to Knock
Oilithreacht Bliantúil an Deoise Cluain Umhna go Cnoc

Mhuire ar Domhnach 14ú Bealtaine.
Bus ag fágaint Baile Mhúirne ag dul tríd Cluain Drochid agus Maigh Chromtha.
Tuilleadh eolas ó :
Noel Lynch 0862202452
Micheál Dinneen 0876434910

Annual Cloyne Pilgrimage to Knock on Sunday 14th of May 2023. Bus leaving Ballyvourney travelling via Clondrohid and Macroom. For more information con- tact—

Noel Lynch 0862202452 Micheál Dinneen 0876434910

Freastalaí Altóra/Altar Servers

Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm atha- bhairt chuig an eadraoimh tar éís Aifreann.

We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.

Airigead /ofráiltí aifrinn/Mass Offerings

A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán

Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin  ár Mairbh.
Is mian liom a chur in iúil do phobal an Paróiste go bhfuil cúrsaí maidir le liostaí seachtainiúil na mairbh ag athrú ón Luan 9ú Eanair 2023.  Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Aoine roimis foilsiú an Nuachtlitir.   Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
·      Téacs go uimhir guthán an Paróiste    085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00  i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.

Anniversary list in remembrance of  Our faithful departed
I wish to inform the parish community that from Monday 9th January 2023, anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Friday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
·      Parish Mobile By Text:  085/8783823
·      E-Mail:  oifig@paroistebailemhuirne.ie
·      Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.

Cártaí Aifrinn/Mass Cards

Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.

Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sym- pathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in churches before or after mass, and in Ó Luasa’s shop and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Price is €12.

Now available in the Post Office, Réidh na nDóirí.

Baiste

Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó I ndiaidh Aifreann.

Applications for baptism—forms are available in both sacristies or by contacting an tAth Seán directly.

Leave a Comment