Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Cúigiú Domhnach den Cháisc
(7/5/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00 go 5.00
Dé Máirt —9.30rn
Dé hAoine – 9.30rn
Sathairn—6.30in
Domhnach —11.30rn
Cúil Aodha
Dé hAoine —10.30rn
Domhnach– 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt —10.30rn
Dé hAoine – 7.00in
Domhnach 7ú – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Joe Kelly Wilmington Delaware
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Eibhlín Bn Mhic Chárthaigh (Ní hIarfhlaithe) Réidh na bPobal Cúil Aodha
Eileen Murray (Uí Chríodain) Barr a’ Chuma agus Baile an Chollaigh
Dan, Nell agus Con Scannell. Oifig an Phoist. Baile Mhuirne
Jerry agus Mary Uí Loinsigh
Nora bn Uí Chróinín, Baile Mhic Íre
Batt Ó Laocha , Na Milíní
Sr Mary Gabriel Thornton
Paddy agus Joan Creedon, Cúm na Cloiche
Jim & Mary Lyons, Cúil Iarthair
Connie & Julia McCarthy, Screathan
Nóra Uí Chróinín, Na Cillíní
Jim & Lizzie Moynihan, Na Milíní
Ann O’Donoghue, Sliabh Riach
John Lyons, Cathair Céirín
Nóra Lehane, Lios a’ Chraosaigh
Michael & Hannie Twomey, Prohus
Christy Kelleher, Cúl na Cathrach
Dónal Vaughan, Réidh na nDoirí
Julie O’Sullivan, Baile Uí Bhuaigh
Marie Dinneen, Cúil a’ Bhuacaigh
Nance Mc Sweeney, Cathair Daithí
Nelly Scriveen, Inse na hAmhraí
Michael and Julia Lehane, Cloch Aidhneach
Nora agus Mairéad Shorten Béal Átha an Ghaorthaigh
An Cúigiú Domhnach den Cháisc
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 6:1-7
Thogh siad seacht bhfear a bhí lán den Spiorad Naomh.
Sna laethanta sin, mar go raib líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil. Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”
Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch. Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.
De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Malairt Freagra Alleluia,
I. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; is cóir go molfadh daoine dílse é.
Molaigí an Tiarna ar an gcruit, ceolaigí dó ar an gcláirseach dheichthéadach. Freagra
2. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
3. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás, is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 2:4-9
Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
A clann ionúin, druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í; agus tógtar sibhse féin, faoi
mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.” Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: “An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,” agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14: 6
Alleluia, Alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiama:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia! Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 14:1-12
Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí:
creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
Is iomaí áras i dteach m’Athar. Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é.
Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,
tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;
i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.
Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir
dúinn eolas na slí a bheith againn?”
Dúirt Íosa leis:
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith.
Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.”
Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?
An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.
Conas, mar sin, a deir tú:‘ Taispeáin dúinn an tAthair’?
Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa?
Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad,
ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha.
Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa.
Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.
Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

