Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Deascabháil Ár dTiarna
(21/5/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhuirne
Dé Luain – 9.30rn
Ní bheidh aon Adhradh an tseachtain seo
Dé Máirt —10.00rn Coineartú
Dé hAoine – 9.30rn
Sathairn—6.30in
Domhnach —11.30rn
Cúil Aodha
Dé hAoine —10.30rn
Dé Sathairn – 12.00in Céad Comaoine
Domhnach– 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn – Céad Comaoine 10.00rn
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé hAoine – 7.00in
Domhnach 7ú – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Peg & Johnny Hoare, Gort Uí Rathaille
Neans Mac Suibhne
Minnie Nic Cionnaith, Dún na Séad (Suibhne Cathair Daithí)
Eileen Mc Sweeney, Sliabh Riach
Liam Corcoran, Baile Mhuirne, (Toames)
Nora Bn Uí Fhlanagáin, An Muileann
Máire Lucey, Clochaighneach
Maria Dineen, Cúil A’ Bhuacaigh
John, Mary & Donal Lyons, Cathair Céirín
Margaret Cronin (Ui Shúilleabháin) Cúil a’ Bhuacaigh
John & Mary Lucey, Baile Mhuirne
Dan, Madge, Jack agus Máig Lynch Na hUlláin, Baile Mhic Íre
Sr. Concepta Twomey, Cnoc Sathairn
Con Murphy, An Farran /Réidh na nDoirí
John Carmody, Cathair Céirín
Margaret O’Callaghan, Dún Dá Radharc
Denis & Johanna Twomey, Doire Finín
Cáit Ní Bhuachalla, Gort na Binne agus Cúil Aodha
Dan Dineen and Nelly Dineen, Cloch Aidhneach
Jerry Kelleher, Toonsbridge
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 1:1-11
Tógadh suas os comhair a súl é.
Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?” Ach d’fhreagair sé iad:
“Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice.
“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir?
An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 46
Freagra Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile, gairdigí do Dhia Ie teann lúcháire!
Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne. Freagra
2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dó Seinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó Freagra
3. Is é Dia rí na cruinne go léir. Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dó
Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 1:17-23
Chui sé ina shuí ar a dheis fin sna flaithis é.
A bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mt 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!
Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;
‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 28:16-20 Glóir duit, a Thiarna.
Tá gach údardas tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
San am sin d’imigh an t-aon deisceabal déag leo go dti an Ghailil, go dti an sliabh a cheap Iosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceãil dóibh d’umhlaiodar dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.
Tháinig Iosa chucu agus labhair sé leo: ‘Ta gach údarãs tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imigí dá bhri sin. déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, a mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil.
Agus féach tâim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Achmhainne Gairmeacha i rith ne bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Beringham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Beringham, PP Youghal (083) 868 7196
Seoladh Oifigiúil Leabhair – Óstán Ghobnatan Domhnach Cíncíse 28ú Bealtaine 2023. (Fógrófar an t-am nios déanaí)
Leabhar Nua ó Choncubhar Ó Loinsigh: “People & Places Associated with Saint Gobnait”
‘New Book by Cornelius Lynch : People & Places Associated with Saint Gobnait – official launch in The Abbey Hotel on Whit Sunday 28th May 2023. Times to follow’
Cork Simon Community says THANKS
Buíochas mór for the combined total of €700 which was raised at the Church Gate Collection in Baile Mhúirne and Cúil Aodha. Buíochas mór also to the collectors.
The provision of ‘half-way houses’ is an important part of the work of Cork Simon Community. Individuals who are recovering from addiction or who are not yet able to live independently are accommodated under supervision in half-way houses.
Baile Slachtmhara Baile Mhúirne—Ballyvourney Tidy Towns
Táimid ag lorg bhúr gcabhair sa Chomórtas FrithBhrúscair 2023. Beidh moltóirí ar chuairt sa cheantar go rialto ó 15ú Bealtaine, comhairaíonn gach uile píosa brúscar, bun toitíní san áireamh, mar phointe inár gcoinne as 100. Táimid ag iarraidh oraibh aon phíosa brúscair a fheiceann sibh a chur sa bhrúscair chun cinntiú go mbuann Baile Mhúirne/ Baile Mhic Íre an baile bheag is fearr.
Anti-Litter Competition Making an urgent appeal for everyone’s help in competing for the Anti-Litter competition 2023. Judges will be visiting regularly from May 15th, and every piece of rubbish, including cigarette butts, will count as points deducted from our score of 100. Please pick up any litter you see and help ensure Ballyvourney/Ballymakeera win best kept village.