Nuacht Litir 28/5/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Domhnach Cincíse

(28/5/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week

Baile Mhuirne

Dé Luain  – 9.30rn

Adhradh  óna 10.00rn go 5.00in

Dé Máirt —10.00rn

Dé hAoine – 9.30rn

Sathairn—6.30in

Domhnach —11.30rn

Cúil Aodha

Dé hAoine  —10.30rn

Domhnach– 10:00rn

Réidh na nDoirí

Satharn —8.00in

Cill na Martra

Dé hAoine  – 7.00in

Adhradh ón 6.00in go 7.00in

Domhnach 7ú – 11:30rn


Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Johanna Hyde, Gort an Éadain;
Timothy agus Dan Joe Mc Carthy, Ceann Droma
Tom Murphy, Cnoc Rua
Jack Murphy, Adrigole agus Drom Réidh
Flor Murphy, An Bhlárnain agus Drom Réidh
Mary Murphy, Drom Réidh
Michael Mc Carthy, Caolchoil
Catherine agus Eileen O’Riordan, Seanbhaile Sheáin
Paddy Murphy, Prohus
Máire Sheehan, Cathair Daithí
Mick Burke, Na Cúla


Domhnach Cincíse

An Chéad Léacht               Gníomhartha na nAspal 2:1-11
Líonadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt.

PenteNuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”

Salm le Freagra          Sm 103
Freagra                        Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna, agus dean agaidh na talún a athnuachan.
Malairt Freagra :       Alleluia!

1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom! A Thiarna Dia, is rómhor thú go dearfa.
tá t’u éadaithe i maorgacht agus maise, tá tú gléasta le solas mar le fallaing.                       Freagra

2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna! Rinne tú gach aon ní le heagna
Tá an chruinne lán da bhfuil déanta agat. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!       Freagra

3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort chun iad a bheathú in am is a dtráth.
Cruinníon siad le chéile a dtugann tú dóibh: leathann tú do lámh agus liontar iad.            Freagra

4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad agus casann siad ar an luaithreach arís.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait, cruthaítear iad, agus athnuann tú aghaidh na talún.                       Freagra

An Dara Léacht

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coiribtigh            12:3-7. 12-13
San aon Spiorad amháin is ea a baisteadh isteach in aon chorp amháin sinn go léir.

A bhráithre, ní féidir d’aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d’aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh. Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; atá feidhmeannais difriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n-oibriú go léir in gach ceann riamh acu. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é.

Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

ROSC

Tar-sa chugainn, a Naomh Spioraid,
fear anuas ó na flaitheasa
léas do sholais mharthanaigh.

Tar, a Dhíon na n-easpaitheach,
tar, a Bhronntóir tabhartas,
tar, a Sholais croítheacha.

Sólásai ró-charthanach,
aoi sámh cneasta an anama,
fionnuaire ‘alainn thaitneamhach.

Sos i measc ár ndeacrachtaí,
fuarthán sóúil i ngreadaithe,
só1ás i ngol is i gcathuithe.

A lasair aoibhinn bheannaithe,
líon is soillsigh croítheacha
na bhfírean mbocht n-anbhann.

Gan do ehumhaeht is d’fhearta-sa
níl ní ar bith in ár bpearsana,
ní ar bith níl gan pheaea ionainn.

Nigh a bhfuil salach ionainn,
an méid is tur dínn, cneasaighse,
tabhair leigheas dúinn in ár geeasnaitheacht

Cuir i mboige ár gerapaitheacht,
a bhfuil fuar dínn, cneasaighse,
a bhfuil earn dínn, ceartaighse.

Do d’fhíréana tabhairsé,
is go bhfuil a seasamh ort,
seoid do sheaeht naomhthabhartas.

Tabhair luach saothair maitheasa,
tabhair bás faoi mhaise dóibh,
tabhai r aoibh neas parthais.
Amen. Alleluia!

**************

Comhghair an tSoisceil
Alleluia, Alleluia!

Tar chugainn, a Naomh Spioraid, lion croíthe na gCríostaithe, agus adhain iontu lasair do ghrá.
Alleluia!

SOISCÉAL                

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20: 19-23                   Glóir duit, a Thiarna
Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin. Glacaigí an Spiorad Naomh.

Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís:

Síocháin daoibh!Jesus brings fire Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise,
táimse do bhur gcursa uaim freisin.

Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:

“Glacaigí an Spiorad Naomh.
Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh;
na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Achmhainne Gairmeacha i rith na blianaThinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Beringham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Beringham, PP Youghal (083) 868 7196

Seoladh Oifigiúil Leabhair – Óstán Ghobnatan Domhnach Cíncíse 28ú Bealtaine 2023. (Fógrófar an t-am nios déanaí)
Leabhar Nua ó Choncubhar Ó Loinsigh: “People & Places Associated with Saint Gobnait”
‘New Book by Cornelius Lynch : People & Places Associated with Saint Gobnait – official launch in The Abbey Hotel on Whit Sunday 28th May 2023. Times to follow’

Cork Simon Community says THANKS

Buíochas mór for the combined total of €700 which was raised at the Church Gate Collection in Baile Mhúirne and Cúil Aodha. Buíochas mór also to the collectors.

The provision of ‘half-way houses’ is an important part of the work of Cork Simon Community. Individuals who are recovering from addiction or who are not yet able to live independently are accommodated under supervision in half-way houses.

Baile Slachtmhara Baile Mhúirne—Ballyvourney Tidy Towns

Táimid ag lorg bhúr gcabhair sa Chomórtas FrithBhrúscair 2023. Beidh moltóirí ar chuairt sa cheantar go rialta ó 15ú Bealtaine, comhairíonn gach uile píosa brúscar, bun toitíní san áireamh, mar phointe inár gcoinne as 100. Táimid ag iarraidh oraibh aon phíosa brúscair a fheiceann sibh a chur sa bhrúscair chun cinntiú go mbuann Baile Mhúirne/ Baile Mhic Íre an baile bheag is fearr.

Anti-Litter Competition Making an urgent appeal for everyone’s help in competing for the Anti-Litter competition 2023. Judges will be visiting regularly from May 15th, and every piece of rubbish, including cigarette butts, will count as points deducted from our score of 100. Please pick up any litter you see and help ensure Ballyvourney/Ballymakeera win best kept village.

Leave a Comment