Nuacht Litir 4/6/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Domhnach na Tríonóide

(4/6/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week

Baile Mhuirne

Domhnach —11.30rn

Aifreann rith na seachtaine

Dé Luain – 11.00rn

Dé Sathairn —6.30in

Domhnach  —11.30rn

Adhradh óna 5.15in go 6.15 ag ceiliúreadh 80 bliain Sagartóireachta

Cúil Aodha

Domhnach– 10:00rn

Réidh na nDoirí

Satharn —8.00in

Cill na Martra

Dé Máirt  – 10.30rn

Domhnach 7ú – 11:30rn


Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Tom Butler, Freshford, Cill Chainnigh / Baile Mhic Iré
Jerry Murphy, Doire na Saggart
Donal O’ Riordan, Cnoic an Iúir
Joan Lyons, Cnoic an Iúir
John Gerard O’ Riordan, Cnoic an Iúir
Paudie Twomey, Mileens, Cúil Aodha
Dan Vaughan, Ceann Droma
Connie Moynihan, Páirc an Oileáin
Dónal Lyons, Cathair Céirín
Danny Dineen, Cnoc Rua
Tim Hinchion, Caol Fuinseann
Christy Kelleher, Cúl na Catharacha
John Sheehan, Athacunna
Nelly Dineen, Cloch Aidhneach

 

 

 

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as an Leabhar  Exodus              34:4-6. 8-9
A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire.

Mose and God1Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d’ordaigh an Tiarna dó. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.

Glaoigh sé ar ainm an Tiarna. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d’fhógair sé:
A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht; Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm Le Freagra.        Dan 3
Freagra                          Le moladh agus le glóiriú de shíor.

1. Is beannaithe thú, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha,   Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
Is beannaithe é do naomhainm uasal,                             Freagra:  le moladh agus le glóiriú de shíor.

2. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,      Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
    Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis,        Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

3. Is beannaithe thú ag iniúchadh na ndubhaigéan,     Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

4. Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe                     Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.

DARA LÉACHT

Sliocht as dara litir Naomh Pól chuig na gCoirintigh     13:11-13
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.

A bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú.
Tugaigí spreagadh dá chéile.
Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.
Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh.
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin  3:16-18            Glóir duit, a Thiarna.
Chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí an saol tríd.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:trinity1

Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh
i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol
ach chun go slánófaí an saol tríd.
An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,
ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin,
mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

       

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Scoraíocht – Ionad Lae, Baile Mhúirne

Beidh Scoraíocht ar siúl san Ionad Lae, Dé Céadaoin, an 14ú Meitheamh 2023 ag 2.30in.

Fáilte roimh cách

There will be a Scoraíocht session on in the Ionad Lae Ballyvourney on the 14th June at 2.30pm. Everyone is welcome.

 

Leave a Comment