Nuacht Litir 11/6/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Féile Corp Críost

(11/6/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week

Baile Mhúirne

Adhradh óna 5.15in go 6.15 ag ceiliúreadh 80 bliain Sagartóireachta

Dé Domhnach 6.30in

Aifreann rith na seachtaine

Dé Luain – 9.30rn

Adhradh óna 10.00rn go 5.00in

Dé Máirt—9.30rn

Dé hAoine—9.30rn

Dé Sathairn —6.30in

Dé Domhnach 11.30in

Cúil Aodha

Dé hAoine 10.30rn

Domhnach – 10:00rn

Réidh na nDoirí

Satharn —8.00in

Cill na Martra

Dé Máirt—10.30rn

Domhnach – 11:30rn

 


Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
Dónal (Dan) Twomey, Cuil Iarthair
Christie Kelleher, Cúl na Catharach
Ann Hinchion
Joan O’ Brien Nua Eabhrac

Cill na Martra—Reidh na nDoirí
Dónal Mc Carthy Silver Grove, Sráid a Mhuilinn
Jerry Noonan, Dún Dá Radharc
Connie Cronin, Seanbhaile Sheáin
Judy Burke, Lios Buí Beag
Noel Clifford, Árd Fhearta
Margaret O’Callaghan, Dún Dá Radharc
Nelius Murphy, Cloch Aidhneach
Eileen and Ralph Kendall, Corcaigh.
Denis Noonan, Dún Dá Radharc
Peter Murphy, Oifig an Phoist, Cill na Martra
Nora Cullinane, Áthacunna
Mary Cotter, An Coill Mór agus Doireach

 


– SOLLUNTAS  CHORP  CHRIOST –

CÉAD LÉACHT     

Sliocht as an  Leabhar Deotranaimí                 8:2-3. 14-16
Chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d’aithreacha

Dúirt Moois leis an bpobal:
Cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain sanMoses in the Wilderness fhásach, d’fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá. D’umhlaigh sé thú agus d’fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d’aithreacha, d’fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.

Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse; a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo; a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d’aithreacha, d’fhonn go n-úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.


Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Salm le Freagra                Sm 147
Freagra                               Mol an Tiarna, a Iarúsailéim.
Malairt Freagra               Alleluia!

I. Mol an Tiarna, a Iarúsailéim, mol do Dhia, a Sión;
toisc gur dhaingnigh sé boltaí do dhoirse, is gur bheannaigh sé do chlann istigh ionat.    Freagra

2. Dhaingnigh sé síocháin i do chríocha, bheir sé do sháith duit de smior na cruithneachta.
Cuireann sé a ordú uaidh chun na talún, ritheann a bhriathar go mear.                               Freagra

3. Foilsíonn sé a bhriathar do lácób, a chánacha is a phroiceapta d’ Isráél
Ní dhearna sé amhlaidh do náisiúin eile; níor nocht sé dóibh a phroiceapta. Alleluia!    Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh              10:16-17
Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin.

A bhráithr,:cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é?
Agus an t-arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?
Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn
ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t-aon arán amháin.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Rosc

Gabh ag moladh an tSlánaitheora,
a Sión, mol an t-aoire, an treoraí
in iomainn is í gcainticí.

Moltar leat le dícheall croí é,
mar gach moladh sháraigh Iosa,
is ni leor do ghradam dó.

Abhar speisialta molta farat
arán beo agus lón na beatha
go sonrách an taca seo.

An t-arãn is léir gur dáileadh
do dhilbhuion an dârêag bràthar
i naomhphroinn na heaspartan.

Moladh iomlán dó, moladh ceolmhar,
lúchâir dhílis chroiúil chórach,
ardach aoibhinn aigne.

Mar i gcuimhne chruinn an lae seo
céadchaitheadh proinn na féile
a bunaíodh ar mhaithe linn.

Sa phroinn sin an nuareachta
is an nuaRi, chuir nuaPhasca
deireadh leis an seanreacht.

Chuir an nuaiocht an ruaig ar ársacht,
chuir an fhire ar dibirt scáthacht,
chuir an lá an oiche in anbhroid.

An t-éacht a rinne Críost ag bord ann,
ina dhilchuinihne dúinne d’ordaigh
é a dhéanamh fairis sin.

Ag gêileadh d’ordú an té a thug grâ dúinn
arán is fíon go fíor sacrãlam
in iobartach ár leasaithe.

Alt dár gcreideamh fíor go ndéantar
feoil de arãn, den fhion fuil cheart,
don ChrIostai mar a theagasctar.

An rud nach bhfeictear is nach smaoinítear
le dlúthchreideamh daingítear
thar ghnáthréim an aiceanta.

Ceiltear faoi éagsúlaeht gnéithe,
faoi chomharthaí nach nithe in aon chor,
seoda caoine rafara.

Feoil an t-arán, fuil an fíon ann,
in iomlãine fanann Criost ann
faoi gach gné go dearfa.

An caitheoir, gan roinnt gan pléascadh,
gan aon bhriseadh, gan aon réabadh,
glacann slán an tabhartas.

Glacann duine é, glacann míle,
ni mó cion slua de nâ cion aoinfhir,
ná ní idíonn caitheamh é.

Glacann daoine, an t-olc is an maith, é,
glacann fós faoi mhalairt ratha é,
bheireann bâs nó beatha dóibh.

Don dea-thear beatha, bâs don drochfhear
dáiltear; féach nach ionann toradh,
cé gurb ionann caitheamh dóibh.

An tsacraimint faoi dheoigh ma bhristear,
créid go bhfaightear i ngach giota
n méid go cruinn a bhi san uile,
an t-iomlán gan easnamh.

Ar aon ní ni théann an briseadh,
ach amháin ar chomharthaí nithe,
a d’flág an ní faoin gcomhartha againne
slAn i gcló is i gcalmacht.

Féach, arãn na n-aingeal
á thabhairt mar bhia don slua ar marthain:
arán is taca is is lón na leanai
nach caite chun na madraí.

Is léir a réamhchomharthaí le hinsint:
Isác ma iobartach mar a sineadh,
uan na Cásca mar a ídíti,
mar a dháilti manna ó thlaitheasa.

A Aráin chirt, a Aoire dhílis,
dáil do thrócaire orainn, a Iosa,
beathaigh sinn, tabhair ión an chroi dOinn,
las le do thaitneamhacht ár n-intinn
sa saol úd thall na marthana.

A Rí na gcumhacht, an ulle ós léir duit,
ós ár lón thú ar an saol seo,
bímis is na naoimh le chéile
inár gcomhoidhrí ar do naomhríocht
ag an bhfleá in ardbhrú parthais.

Amen! Alleluia!

Alleiuia Vearsa                Eo 6:51-52
Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-arân beo a tháinig anuas ó neamh, a deir an Tiarna.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo.
Alleluia

Go raibh an Tiarna libh.                  Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin        6:51-58           Glóir duit, a Thiarna.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.

San am sin dúirt Íosa leis na sluaite:
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.

Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim
is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil
a thabhairt dúinn le hithe?”

Dúirt Íosa leo:

Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
An té a itheann m’fheoil agus a olann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,
agus mar is beo mise tríd an Athair,
mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.
Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.”

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Scoraíocht – Ionad Lae, Baile Mhúirne

Beidh Scoraíocht ar siúl san Ionad Lae, Dé Céadaoin, an 14ú Meitheamh 2023 ag 2.30in.

Fáilte roimh cách

There will be a Scoraíocht session on in the Ionad Lae Ballyvourney on the 14th June at 2.30pm. Everyone is welcome.

Bailiúcháin bliantúil do na  Sagairt at a éirithe as—Annual Collection for Retired Priests

Béidh an bailiúcháin bliantúil do na sagairt atá éirithe as ar siúl Meitheamh 17ú/18ú.

The annual collection for retired priests will take place at all Masses on the weekend of June 17th/18th. The retirement age for priests of the diocese is 75. when our present retirement policy for priests was brought in, the age profile meant that a commercial pension plan was not possible, so the Diocese had to provide for our retired priests. Money was invested so the interest could be used. Unfortunately, the return on this investment has declined seriously over the past years and looks likely to remain low for the foreseeable future. Working priests give an annual contribution and continue to do so. Your support for this collection would be greatly appreciated by our sick and retired priests. You may also consider making a bequest for this purpose in your will.

 

Leave a Comment