Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An tAonú Domhnach Déag Saor
(18/6/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Adhradh óna 5.15in go 6.15 ag ceiliúreadh 80 bliain Sagartóireachta
Dé Domhnach 6.30in
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine—9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Dé hAoine 10.30rn
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
An tSiúr Siobhán Ní Scannaill (Chúil Aodha agus Cathair Corcaí)
Cill na Martra—Reidh na nDoirí
Dóibh sin a fuair bás i rith na seachtaine
Ánnie Ó Connail. Baile Uí Bhuaigh, Cill na Martra
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Exodus 19:2-6
Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’
Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe. Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael: ‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SALM LE FREAGRA. Sm 99
Freagra Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
1. Fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
tagaigí ina láthair le hamhráin áthais. Freagra
2. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn;
sinne a phobal agus caoirigh a pháirce. Freagra
3. Á, nach maith égo deimhin an Tiarna,
nach marthanach a thrócaire ghrámhar!
Is dílis é ó ghlúin go chéile. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:6-11
Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic
A bhráithre, nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás I dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé? Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t-athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha? Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, Alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha, 9:36-10:8 Glóir duit, a Thiarna.
San am sin nuair a chonaic Íosa na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”
Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas. Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.
Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas:
“Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht. Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196
Scoraíocht – Ionad Lae, Baile Mhúirne
Beidh Scoraíocht ar siúl san Ionad Lae, Dé Céadaoin, an 14ú Meitheamh 2023 ag 2.30in.
Fáilte roimh cách
There will be a Scoraíocht session on in the Ionad Lae Ballyvourney on the 14th June at 2.30pm. Everyone is welcome.
Bailiúcháin bliantúil do na Sagairt at a éirithe as—Annual Collection for Retired Priests
Béidh an bailiúcháin bliantúil do na sagairt atá éirithe as ar siúl Meitheamh 17ú/18ú.
The annual collection for retired priests will take place at all Masses on the weekend of June 17th/18th. The retirement age for priests of the diocese is 75. when our present retirement policy for priests was brought in, the age profile meant that a commercial pension plan was not possible, so the Diocese had to provide for our retired priests. Money was invested so the interest could be used. Unfortunately, the return on this investment has declined seriously over the past years and looks likely to remain low for the foreseeable future. Working priests give an annual contribution and continue to do so. Your support for this collection would be greatly appreciated by our sick and retired priests. You may also consider making a bequest for this purpose in your will.