Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Dara Domhnach Déag Saor
(25/6/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine—9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Dé hAoine 10.30rn
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine – 7.00in
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Margaret Hallissey, Cill Garbháin
Peter Kelleher, Na Cipeacha
Tommy Sheehan
Eileen Bn Uí Shuibhne, Cúil Aodha
Cill na Martra—Reidh na nDoirí
Dóibh sin a fuair bás i rith na seachtaine
Bob (Jeremiah) O’ Leary, Cúm Liadh Bháin, Reidh na nDoirí
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Eileen Ó Ríordain, Reidh na nDoirí
Catherine Ó Ríordain, Reidh na nDoirí
Tom Murray, Cnoc Satharn
Kitty, Timothy agus Din Joe MacCárthaigh, Ceann Droma
Máire Mac Suibhne, MagCromtha
Jim agus Han Golden, Drom a Gharraí
Peggy Coleman (nee Vaughan), St Colman’s Park, MagCromtha
Noel Browne MagCromtha/Cluan Meala
Johnny agus Molly Uí Chuana, Baile Uí Bhuaigh
Mickey Ó Ríordain, Cathair Daithí
Dan agus Richard Mac Cárthaigh, Oifig an Phoist Réidh na nDoirí.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Irimia, fáidh 20:10-13
Óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.
Dúirt Irimia, Cluinim mórán do mo tharcaisniú:
“Eagla ar gach aon taobh!
Sceithigí air! Sceithimis air!”
Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt:
“Meallfar é b’fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m’ionsaithe;
ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile.
Ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.
Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne, a ransaíonn na háranna agus an croí,
feicim do dhíoltas orthu mar is duitse a d’fhoilsigh mé mo chúis.
Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna, óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 68
Freagra Éist liom de réir do bhuanghrá, a Thiarna.
1. Ar do shonsa a d’fhulaing mé aithisí,
a bhí luisne na náire ar mo ghnúis.
Is strainséir mé do mo bhráithre féin,
agus is comhthíoch mé do chlann mo mháthar.
Táim ar lasadh le dúthracht do do theach;
is ormsa a thiteann aithisí lucht do cháinte. Freagra
2. Chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna,
an uair is mian leat féin.
Éist liom de réir do bhuanghrá
agus do chúnaimh chinnte.
Freagair mé as ucht do dhilghrá, a Thiarna;
iompaigh chugam de réir do thrócaire. Freagra
3. Beidh áthas ar na hísle nuair a fheicfidh siad é;
athbheofar croíthe lucht cuardaithe an Tiarna.
Éisteann an Tiarna leis na daoine bochta,
is ní thugann droim láimhe dá bhraighdeanaigh.
Go mola na spéartha is an talamh é,
an mhuir agus a maireann inti. Freagra
Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
An uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:12-15
Ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é.
A bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh.
Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 1: 14: 12
Alleluia, Alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,
An uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibhgo ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 10:26-33 Glóir duit, a Thiarna
Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp.
San am sin dúirt Íosa:
Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!
“Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m’Athar atá ar neamh. Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair m’Athar atá ar neamh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Aifreann ag Scrín Ghobnatan
Aifreann bliantúil ag an Scrín Ghobnatan
Dé Domhnaigh 9ú Iúil ag 3.30 in.
Our annual mass at St Gobnait’s Shrine will take place Sunday 9th July at 3.30pm.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196